Polasaí Príobháideachais

Beartas Príobháideachais

Ráiteas Ginearálta

Tá meas ag an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród ar do cheart chun príobháideachta, agus ní bhaileofar faisnéis phearsanta ar bith fút, ón láithreán Gréasáin seo, mura bhfaightear cead soiléir uaitse ar dtús. Rachfar i ngleic le haon fhaisnéis phearsanta, a sholáthraíonn tú don Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród, leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003.

Bailiú agus úsáid faisnéise pearsanta

Ní bhailíonn an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród sonraí pearsanta fút ar an láithreán gréasáin seo, taobh amuigh d’fhaisnéis a thugann tú dúinn go deonach (trí ríomhphost, téacs SMS nó an fhoirm fiosrúcháin ar líne a úsáid mar shampla). Ní thugaimid aon fhaisnéis, a sholáthraíonn tú dúinn ar an tslí seo, do thríú páirtí ar bith. Ní úsáidfidh an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród an fhaisnéis sin ach chun do chríche pearsanta amháin. Ceadaítear úsáid a bhaint as do chuid sonraí pearsanta chun críocha staidrimh gan ainm an údair a lua.

Do chearta maidir le sonraí a sholáthraítear via an láithreán gréasáin seo

Tá tú i dteideal cóip a fháil de na shonraí pearsanta a sholáthraíonn tú via an láithreán gréasáin seo. Chun an ceart seo a fheidhmiú, ní mór scríobh chuig an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród, ag an seoladh thíos, nó seol ríomhphost chugainn ag info@rpa.ie. Ba cheart duit faisnéis ar bith, a sholáthair tú roimhe seo ar an láithreán gréasáin, a chur san áireamh (Ainm; seoladh; uimhir ghutháin; ríomhphost). Rachfar i ngleic de d’iarratas laistigh de 40 lá.

Tá ceart agat faisnéis mhíchruinn a cheartú chomh maith. Más rud é nach bhfuil faisnéis chruinn ag an oifig fút, tá ceart agat an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród a ordú an fhaisnéis a cheartú. Ní mór ordú dá leithéid bheith i scríbhinn nó ar ríomhphost. Déileáilfear le d’iarratas laistigh de 40 lá.

I gcúinsí áirithe, d’fhéadfá iarraidh orthu na sonraí a sholáthraíonn tú via an láithreán gréasáin a scriosadh. Chun an ceart seo a fheidhmiú, beifear ag tnúth go n-aithneoidh tú sárú éigin ar an dlí um chosaint sonraí maidir leis an tslí a bpróiseálann an oifig seo na sonraí lena mbaineann.

Gearáin faoi shonraí a phróiseáiltear via an láithreán gréasáin.

Má tá tú buartha faoin tslí a ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil via an láithreán gréasáin seo, ná bíodh leisce ar bith ort ábhair dá leithéid is cúraim duit a thabhairt faoi bhráid na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród ag na sonraí teagmhála thíos.

Bailiú agus úsáid faisnéise pearsanta

Ní úsáidtear fianáin ar an láithreán gréasáin seo, taobh amuigh d’fhianáin “seisiún”, a chuireann ar chumas bhrabhsálaí gréasáin an chuairteora cuimhneamh ar leathanaigh an láithreáin ghréasáin seo ar thug tú cuairt orthu cheana. Má dhíchumasaítear na fianáin ón mbrabhsálaí gréasáin, is féidir le cuairteoirí an láithreán a úsáid go hiomlán fós.

Chun críocha staidrimh, coimeádann ár soláthraí idirlín taifead de shonraí teicniúla faoi chuairteanna a thugtar ar an láithreán gréasáin. Ní bhailítear faisnéis ar bith ar féidir a úsáid le cuairteoirí an láithreáin ghréasáin a aithint. Maidir leis na sonraí teicniúla, ní choimeádtar taifead ach díobh seo thíos:

  • Seoladh IP fhreastalaí gréasáin an chuairteora
  • Ainm fearann barrleibhéil a úsáidtear (mar shampla .ie, .com, .org, .net)
  • Seoladh an láithreáin ghréasáin ónar tháinig an cuairteoir, lena n-áirítear na téarmaí cuardaigh a úsáidtear
  • Sonraí na conaire cliceála a léiríonn an líon cuairteoirí timpeall an láithreáin ghréasáin (.i. leathanaigh a úsáidtear agus doiciméid a íoslódáiltear)
  • An cineál brabhsálaí gréasáin a úsáideann an cuairteoir.

Ní dhéanann an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród iarracht ar bith cuairteoirí aonair a aithint, nó nasc a chruthú idir sonraí teicniúla agus duine aonair ar bith. Is é beartas na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród gan sonraí teicniúla dá leithéid a nochtadh faoi chuairteoirí aonair an láithreáin ghréasáin do thríú páirtí ar bith (seachas an soláthraí idirlín, a dhéanann taifead de shonraí ar ár son atá faoi cheangal forálacha rúndachta ina thaobh) mura rud é go bhfuil oibleagáid orthu faisnéis dá leithéid a nochtadh mar gheall ar aon riail dlí. Ní úsáidfidh an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród na sonraí teicniúla ach chun críocha staidrimh agus riaracháin eile amháin. Ba chóir tabhairt faoi deara nach ionann sonraí teicniúla, nach féidir linn nasc a chruthú eatarthu agus daoine aonair, agus “sonraí pearsanta” chun críocha an nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.

Gluais téarmaí teicniúla a úsáidtear

Brabhsálaí Gréasáin – Na bogearraí a úsáideann tú chun leathanaigh ghréasáin a léamh. Is samplaí díobh seo iad Microsoft Internet Explorer, Netscape Navigator agus Opera.

Seoladh IP – Sonraí aitheantais do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta idirlín) a léirítear trí chód “Prótacal Idirlín" (192.168.72.34 mar shampla). Tá seoladh leithleach IP ag gach ríomhaire a bhfuil nasc leis an idirlíon aige, cé go bhféadfadh nach ionann an seoladh gach uair.

Fianáin – Píosaí beaga faisnéise i gcomhaid shimplí téacs, a chuirtear ar an ríomhaire trí láíthreán gréasáin. Is féidir fianáin a léamh le linn cuairteanna ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh faisnéis i bhfianán bheith bainteach le do nósanna brabhsálaithe ar an láithreán gréasáin, nó uimhir leithleach aitheantais le go n-aithneofar thú ar an láithreán gréasáin an chéad uair eile a thugann tú cuairt air. Go ginearálta, ní bhíonn ann d’faisnéis phearsanta i bhfianáin lenar féidir tú a aithint, mura rud é gur sholáthair tú faisnéis dá leithéid ar an láithreán gréasáin.


Má tá moladh ar bith agat faoi láithreán gréasáin na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród, nó má theastaíonn uait rud a rá faoi, seol ríomhphost chuig webmaster@rpa.ie le do thoil.

Seoladh poist:
An Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, Éire

Podchraoladh

Nuacht

Luas Cross City Railway Order welcomed by RPA

03 August 2012

Luas Cross City Railway Order welcomed by RPA RPA welcomes the granting of a Railway Order today for Luas Cross City, a new Luas line running from the Green Line terminus at St. Steph...

...léigh leat

Luas Docklands Commons Street Traffic Notification

26 March 2009

Luas Docklands (Line C1) Commons Street Traffic Notification   Á Thógáil Click here for more information on Luas Docklands (Line C1) Click here to view or dow...

...léigh leat

Nuacht 2

30 June 2008

Á Thógáil ...

...léigh leat

Cuardaigh an Chartlann Nuachta

Comhairlacháin Phoiblí

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta faoi Chomhairliúchán Poiblí C. Cad is Comhairliúchán Poiblí ann? F. Is éard atá i gceist le comhairliúchán poiblí...

...léigh leat

Forbhreathnú

Forbhreathnú ar/Cur chuige i leith Chomhairliúchán Poiblí an RPA Féachann an RPA le teagmháil a dhéanamh leis an bpobal agus le daoine aonair go díreach...

...léigh leat

An tslí ar féidir dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród le linn Comhairliúchán Poiblí

An tslí ar féidir dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród le linn Comhairliúchán Poiblí Laethanta Oscailte Reáchtá...

...léigh leat

Public Consultation Archive

This section lists all the past Public Consultation initiatives by RPA relating to our projects. Open Days Luas Line B2 Public Consultation Day St. Anne's Resource Centre, Shankill, Co. ...

...léigh leat

Public Consultation Initiatives

Public Consultation initiatives are when associations, communities, businesses organisations and the general public are invited to formally submit their views and opinions on a RPA project i...

...léigh leat