An tslí ar féidir dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród le linn Comhairliúchán Poiblí

An tslí ar féidir dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród le linn Comhairliúchán Poiblí

Laethanta Oscailte

Reáchtálann an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród laethanta oscailte ag céimeanna difriúla forbartha tionscadal. Is in oifigí cathartha an údaráis áitiúil nó in ionaid oiriúnacha áitiúla eile a reáchtáiltear iad sin.

-D’fhéadfadh go seolfaí fógra i dtaobh Laethanta Oscailte chuig daoine aonair i ndobharcheantar an tionscadail.

-Cuirtear fógra sa nuachtán náisiúnta nó áitiúil le sonraí faoi amanna agus áiteanna a bhfuil na Laethanta Oscailte ar siúl.

-Seoltar fógra chuig gach duine atá cláraithe do Bhunachar Comhairliúcháin Phoiblí an RPA i dtaobh an tionscadail seo.

-Foilsíonn an RPA gach dáta, am agus suíomh a bhaineann leis na Laethanta Oscailte ar an láithreán gréasáin seo.

Ag na Laethanta Oscailte, buaileann an RPA leis an bpobal agus spreagann siad iad le bheith rannpháirteach sa tionscadal. Cuirfidh an RPA an fhaisnéis chuí phoiblí ar fáil don phobal i dtaobh an tionscadail ag an gcéim sin.

Láithreán Gréasáin

Cuirtear an oiread faisnéise agus is féidir ar fáil ar ár láithreán gréasáin seo faoinár gcuid tionscadal, lena n-áirítear ach ní teoranta do nuachtáin, eolas faoi thionscadail, sonraí faoi Laethanta Oscailte agus tionscnaimh eile comhairliúcháin phoiblí, léarscáileanna, agus múnlaí ealaíontóra de línte le linn forbartha. Is féidir leat an láithreán gréasáin a úsáid am ar bith chun dul i dteagmháil linn, nó cláraigh do na Bunachair Comhairliúcháin Phoiblí atá againn.

Is féidir teacht ar ár láithreán gréasáin 24 uair an chloig in aghaidh an lae agus tá sé deartha le go mbeidh sé inrochtana ag gach cuairteoir agus is féidir.   

Ríomhphost

I ndiaidh na Laethanta Oscailte agus ag amanna eile a luaitear, agus líne Luas nó Metro á forbairt, glacfaidh an RPA le hionchuir Comhairliúcháin Phoiblí ón bPobal via ríomhphost. Is féidir é sin a dhéanamh ar an leathanach dar teideal “Téigh i dteagmháil linn” ar an láithreán gréasáin nó ag info@rpa.ie  

Is féidir leat an láithreán gréasáin a úsáid am ar bith chun dul i dteagmháil linn nó cláraigh do na Bunachair Comhairliúcháin Phoiblí atá againn. Ar an tslí sin, beidh an t-eolas is deireanaí agat faoi na forbairtí is deireanaí tionscadail, de réir mar a sheoltar faisnéis chugat trí ríomhphost.

I scríbhinn (Litir/Post)

Glacfaidh an RPA le hiarratais i scríbhinn. Mar a tharlaíonn maidir le modhanna eile iarratas, bunaítear amanna agus dátaí socruithe ar ionchuir i scríbhinn a ghlactar ón bpobal go ginearálta. De ghnáth, faigheann an RPA méid mór iarratas i scríbhinn i ndiaidh Laethanta Oscailte nó i dtionscaimh eile Comhairliúcháin Phoiblí.

Tá seoladh saorphoist ag an RPA le haghaidh comhairliúchán poiblí. Dá réir sin, ní bheidh aon chostas ort agus tú ag seoladh litreach chugainn. Níl aon ghá le stampa. Scríobh chugainn ag an seoladh seo a leanas: Rannóg Caidrimh Phoiblí, an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród, Sráid Pháirc an Gheata, SAORPHOST, Baile Átha Cliath 8.

Is féidir leat an láithreán gréasáin a úsáid am ar bith chun dul i dteagmháil linn nó cláraigh do na Bunachair Comhairliúcháin Phoiblí atá againn. Ar an tslí sin, beidh an t-eolas is deireanaí agat faoi na forbairtí is deireanaí tionscadail, de réir mar a sheoltar faisnéis chugat trí ríomhphost.

Teileafón

Soláthraíonn an RPA uimhir SHAORGHLAO (1800 67 64 64) chun faisnéis bhreise a fháil faoi thionscadal ar bith. Bíonn an teileafón saorghlao á oibriú ó Luan go hAoine, 9am go 5pm, nó is féidir teachtaireacht a fhágáil linn agus beimid i dteagmháil leat go tapa.

An duine aonair

Cuirtear fáilte roimh dhaoine aonair cur leis an bpróiseas Comhairliúcháin Phoiblí faoi thionscadail an RPA. Tugaimid an aird chéanna ar aighneachtaí ó dhaoine aonair agus a thugaimid ar aighneachtaí ó ghrúpaí, ó eagraíochtaí nó ó ghnóthaí. Tá áthas orainn bualadh le daoine aonair le mionphlé a dhéanamh ar an méid a chuirtear leis an bPróiseas Comhairliúcháin Phoiblí.

Grúpaí

Mar a tharlaíonn i gcás daoine aonair, cuireann an RPA fáilte roimh ghrúpaí nó roimh chumainn aighneachtaí a chur isteach ar an bPróiseas Comhairliúcháin Phoiblí, ar mian leo cur leis ar shlí ghníomhach. Tá áthas ar an RPA bualadh leis na grúpaí sin le mionphlé a dhéanamh ar a gcuid tuairimí nó cúraimí i leith tionscadail.

Gnó

Glacaimid san RPA le huiríll a dhéanann gnóthaí atá lonnaithe gar dár dtionscadal iarnróid éadroim agus metro. Is féidir le haon ghnó aighneacht a dhéanamh le linn comhairliúcháin phoiblí faoi thionscadal an RPA. Buailfidh an RPA le gach gnó leis an aighneacht a phlé.

Comhlachas gnó

Glacann an RPA le huiríoll i dtaobh tionscadail a dhéanann comhlachas gnó sa tslí chéanna a nglactar le haighneachtaí ó aon duine eile nó grúpa. Bhí cuid mhór idirphlé againn le comhlachais ghnó go dtí seo. Ba é tuairim an RPA go raibh siad sin an-thairgiúil agus cabhrach, a chabhraigh linn mionanailís a dhéanamh.

Údaráis Áitiúil

Bíonn an RPA i gcomhairle leanúnach le húdaráis áitiúila a mbíonn iarmhairtí ag aon cheann dár dtionscadal orthu. Ligimid do na húdaráis áitiúla bheith páirteach iontu le linn chéimeanna éagsúla pleanála, deartha agus tógála thionscadail iarnróid éadroim agus metro. Bímid i gcaidrimh ar bhonn leanúnach le húdaráis áitiúla agus bíonn meas mór againn ar an méid a dhéanann siad le cabhrú linn ár gcóras iompair phoiblí a phleanáil, a dhearadh agus a thógáil.

Coimeád sinn ar an eolas

Má tá an RPA ar an eolas faoi do chuid tuairimí, cuirfimid san áireamh iad ag céimeanna difriúla Comhairliúcháin Phoiblí de chuid an tionscadail. Má theastaíonn uait bheith ar an eolas faoin dul chun cinn a dhéantar ar cheann amháin dár gcuid tionscadal nó níos mó, cuirfimid do chuid sonraí leis an mbunachar sonraí. Tabharfaimid an t-eolas is deireanaí ansin duit faoi dhul chun cinn tionscadail ar spéis leat. Is féidir linn tú a chur ar an eolas trí ríomhphost, tríd an bpost, nó Téacs SMS – pé ceann is rogha leat. Déantar gach nuashonrú tionscadail a phostáil ar ár láithreán gréasáin chomh luath agus atá siad ar fáil. Cliceáil anseo chun clárú dár mBunachar Sonraí

Fotha Gréasáin Podchraoladh

Nuacht

Luas Docklands Commons Street Traffic Notification

26 March 2009

Luas Docklands (Line C1) Commons Street Traffic Notification   Á Thógáil Click here for more information on Luas Docklands (Line C1) Click here to view or dow...

...léigh leat

Nuacht 2

30 June 2008

Á Thógáil ...

...léigh leat

Nuacht

10 March 2008

Á Thógáil ...

...léigh leat

Cuardaigh an Chartlann Nuachta

Comhairlacháin Phoiblí

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta faoi Chomhairliúchán Poiblí C. Cad is Comhairliúchán Poiblí ann? F. Is éard atá i gceist le comhairliúchán poiblí...

...léigh leat

Forbhreathnú

Forbhreathnú ar/Cur chuige i leith Chomhairliúchán Poiblí an RPA Féachann an RPA le teagmháil a dhéanamh leis an bpobal agus le daoine aonair go díreach...

...léigh leat

An tslí ar féidir dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród le linn Comhairliúchán Poiblí

An tslí ar féidir dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród le linn Comhairliúchán Poiblí Laethanta Oscailte Reáchtá...

...léigh leat

Public Consultation Archive

This section lists all the past Public Consultation initiatives by RPA relating to our projects. Open Days Luas Line B2 Public Consultation Day St. Anne's Resource Centre, Shankill, Co. ...

...léigh leat

Public Consultation Initiatives

Public Consultation initiatives are when associations, communities, businesses organisations and the general public are invited to formally submit their views and opinions on a RPA project i...

...léigh leat