Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta faoi Chomhairliúchán Poiblí

C. Cad is Comhairliúchán Poiblí ann?

F. Is éard atá i gceist le comhairliúchán poiblí ná nuair a iarrann an RPA ar an bpobal tuairimí a thabhairt faoi thionscadal ar leith agus/nó faoi chéim an tionscadail sin le tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais pobal éagsúil/daoine éagsúla. Bíonn na tuairimí sin ríthábhachtach don dearadh.

C. Cé is féidir bheith páirteach i gComhairliúchán Poiblí?

F. Is féidir le haon bhall den phobal bheith rannpháirteach i dtionscamh comhairliúcháin phoiblí de chuid an RPA.

C. Cathain a reáchtáiltear Comhairliúchán Poiblí?

F. Baineann tábhacht mhór le comhairliúchán poiblí ag na céimeanna seo a leanas de thionscadal an RPA;

Aithint Roghanna Bealaigh, Roghnú Bealaigh, Dearadh Stadanna agus Línte,  An Bord Pleanála – Iarratas ar Ordú Iarnróid, Tógáil

C. Cad is Lá Oscailte ann?

F. Is éard atá i gceist le Lá Oscailte ná nuair a thagann an RPA chun an tsuímh/na suíomhanna atá gar do líne tionscadail. Cuirimid córais taispeána le chéile chun líníochtaí, íomhánna agus léarscáileanna an tionscadail atá molta a thaispeáint. Chomh maith leis sin, déanaimid litríocht a tháirgeadh le go mbeidh tuiscint ag an bpobal ar mhionsonraí an tionscadail. Bíonn foireann RPA ar an láthair chun sonraí an tionscadail a mhíniú.

C. Cén áit a reáchtálann an RPA Laethanta Oscailte?

F. Reáchtálann an RPA laethanta oscailte i saoráidí pobail, creidimh agus/nó sibhialta in óstáin nó clubanna áitiúla, nó ag suíomhanna eile oiriúnacha le freastal ar an líon is mó daoine ón gceantar. Déantar fógraíocht roimh an imeacht sa cheantar áitiúil, via ár mbunachar sonraí, ar ár láithreán gréasáin agus trí chainéil áitiúla, nó uaireanta trí chainéil náisiúnta na meán, le daoine a chur ar an eolas faoi na himeachtaí a luaithe agus is féidir.

C. An mbíonn ionadaí ón RPA ann ar féidir liom labhairt leis ag Laethanta Oscailte?

F. Bíonn Bainisteoir Tionscadail, Innealtóirí agus baill den Fhoireann Caidrimh Phoiblí ar fáil le do chuid ceisteanna a fhreagairt agus sonraí an tionscadail a mhíniú.

C. Cé a fhaigheann Litreacha Nuachta i dtaobh Thionscadal an RPA?

F. De ghnáth faigheann gach duine a bhfuil cónaí air sa dobharcheantar iad. Cuirtear leis sin chun gnóthaí agus/nó grúpaí, clubanna, cumainn agus pobail thart an cheantair agus sa cheantar lena mbaineann tionscadal an RPA.

C. Cad is Aighneacht ann?

F. Is éard is brí le haighneacht ná tuairim nó dearcadh duine faoi thionscadal an RPA.

C. Cén tslí ar féidir liom Aighneacht a chur faoi bhráid an RPA faoi thionscadal?

F. Is féidir aighneachtaí a chur faoi bhráid an RPA faoi thionscadal/chéim tionscadail ar mhodhanna éagsúla. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn, trí ríomhphost, ar an teileafón nó os a gcomhair amach ag Laethanta Oscailte. Is féidir le daoine aonair, le grúpaí nó le cumainn iad a dhéanamh.

C. An mbaineann sriantacht ama le hAighneachtaí?

F. De ghnáth, cuireann an RPA sriantachtaí ama i bhfeidhm ar aighneachtaí le haghaidh tionscadail áirithe ag céimeanna faoi leith. Tugann an RPA fógra ama go luath ina dtaobh agus cuirtear i gcuimhne don phobal agus/nó do pháirtithe leasmhara faoi dháta deireanach atá ag teacht.

C. Cathain is féidir liom aighneacht a chur faoi bhráid an Bhoird Phleanála?

F. Bíonn an Bord Pleanála i gceannas ar an bpróiseas seo agus bíonn feidhm ag dianteorainneacha ama reachtúla. Féach ar Phróiseas an Ordaithe Iarnróid.

C. Cén tslí ar féidir liom dul i dteagmháil leis an RPA?

F. Téigh i dteagmháil leis an RPA

Ríomhphost: info@rpa.ie
Teileafón: 01 64 63 400
Téacs: 086 6000 335*

An Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród, an Rannóg Caidrimh Daonna, Ionad Gnó Gheata na Páirce, SAORPHOST, Baile Átha Cliath 8, Éire

*Bíonn feidhm ag rátaí caighdeánacha gréasáin maidir le teachtaireachtaí téacs. D’fhéadfadh táillí éagsúla bheith i gceist ag brath ar sholáthraí na seirbhíse gréasáin. Téigh i dteagmháil, le do thoil, le do sholáthraí seirbhíse chun tuilleadh eolais a fháil. 

Fotha Gréasáin Podchraoladh

Nuacht

Luas Docklands Commons Street Traffic Notification

26 March 2009

Luas Docklands (Line C1) Commons Street Traffic Notification   Á Thógáil Click here for more information on Luas Docklands (Line C1) Click here to view or dow...

...léigh leat

Nuacht 2

30 June 2008

Á Thógáil ...

...léigh leat

Nuacht

10 March 2008

Á Thógáil ...

...léigh leat

Cuardaigh an Chartlann Nuachta

Comhairlacháin Phoiblí

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta faoi Chomhairliúchán Poiblí C. Cad is Comhairliúchán Poiblí ann? F. Is éard atá i gceist le comhairliúchán poiblí...

...léigh leat

Forbhreathnú

Forbhreathnú ar/Cur chuige i leith Chomhairliúchán Poiblí an RPA Féachann an RPA le teagmháil a dhéanamh leis an bpobal agus le daoine aonair go díreach...

...léigh leat

An tslí ar féidir dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród le linn Comhairliúchán Poiblí

An tslí ar féidir dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród le linn Comhairliúchán Poiblí Laethanta Oscailte Reáchtá...

...léigh leat

Public Consultation Archive

This section lists all the past Public Consultation initiatives by RPA relating to our projects. Open Days Luas Line B2 Public Consultation Day St. Anne's Resource Centre, Shankill, Co. ...

...léigh leat

Public Consultation Initiatives

Public Consultation initiatives are when associations, communities, businesses organisations and the general public are invited to formally submit their views and opinions on a RPA project i...

...léigh leat