Forbhreathnú ar/Cur chuige i leith Chomhairliúchán Poiblí an RPA
Féachann an RPA le teagmháil a dhéanamh leis an bpobal agus le daoine aonair go díreach ar shlí shoiléir, shimplí agus ghonta trí Litreacha Nuachtáin, na Meáin Chumarsáide (Nuachtáin, an Teilifís & Raidió), Laethanta Oscailte agus ar www.rpa.ie
Cuireann an RPA fáilte roimh ionchur dearfach ón bpobal i gcoitinne maidir le gach tionscadal ag céimeanna éagsúla forbartha.
Le linn dóibh Roghanna Bealaigh a aithint, cuirtear fáilte roimh an bpobal a chur in iúl don RPA cad é an bealach is fearr a fhreastalóidh ar an bpobal ar an iomlán, dar leo, nó cad iad na roghanna bealaí is fearr a chuirfear le chéile, nó mar rogha air sin, cad é an bealach ionadúil is fearr.
A luaithe atá an dearadh curtha i gcrích, déanann an RPA iarratas ar an mBord Pleanála le haghaidh Ordú Iarnróid. Cuireann an RPA an tiarratas ar Ordú Iarnróid ar fáil don phobal tríd na húdaráis áitiúla, ár láithreán gréasáin agus ár n-oifigí. Tugann an Bord Pleanála tuairimí an phobail san áireamh agus machnamh á dhéanamh acu ar an iarratas ar Ordú Iarnróid ón RPA.
Le linn chéim tógála na dtionscadal go léir, leanann an RPA de bheith ag dul i gcomhairle le daoine aonair, grúpaí, pobail, gnóthaí agus údaráis áitiúla ar bhonn leanúnach leis an gcleachtas is fearr a chinntiú sa réimse seo.
Ag céim ar bith tionscadail de chuid an RPA, tá an ceart ag an bpobal an reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise a úsáid chun faisnéis a fháil.