Cad iad na buntáistí a bhaineann le Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí?
Áirítear iad seo a leanas ar na buntáistí a bhaineann le Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí (PPP):
- Seachadadh tapa, éifeachtúil agus cost-éifeachtúil tionscadal
- Luach ar airgead a fhaightear don cháiníocóir trí aistriú agus bainistiú optamach riosca
- Éifeachtúlacht a bhaintear amach mar thoradh ar dhearadh agus ar thógáil an bhonneagair phoiblí a chomhtháthú le hairgeadas, leis an oibriú agus leis an gcothabháil/uasghrádú
- Breisluach a chruthaítear trí shineirgí idir údaráis phoiblí agus cuideachtaí na hearnála príobháidí, go háirithe trí scileanna na hearnála poiblí agus príobháidí a chomtháthú agus a aistriú, mar aon le heolas agus le saineolas
- Sriantachtaí cumais agus baic sa gheilleagar a mhaolaítear trí tháirgiúlacht níos fearr saothair agus acmhainní caipitil a bhaintear amach agus tionscadail á seachadadh
- Iomaíocht agus cumas tógála níos fearr a bhaintear amach (lena n-áirítear rannpháirtíocht gnólachtaí thar lear, go háirithe i gcomhfhiontair agus i socruithe comhpháirtithe)
- An fhreagracht atá orthu as seirbhísí poiblí ardchaighdeáin a sholáthar agus a sheachadadh trí bhainistíocht spreagtha gníomhaíochta/córas rialála
- An nuálaíocht agus an éagsúlacht i soláthar na seirbhísí poiblí
- An úsáid éifeachtach a bhaintear as sócmhainní an stáit a mbaineann úsáideoirí seirbhísí poiblí tairbhe astu.