Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí reatha an RPA
Chomh maith leis na tionscadail a fhaightear mar Chomhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí, tá an RPA ag obair leis an earnáil phríobháideach chun línte eile an Luas a thabhairt ar aghaidh.
Forbraíodh Líne B1 an Luas go Coill na Silíní - atá á tógáil faoi láthair - i gcomhar le forbróirí príobháideacha. Soláthraíonn siad sin méid shubstaintiúil maoinithe don tionscadal trí ranníocaí díreacha agus tobhaigh faoi alt 49.
Déantar foráil san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 maidir le forbairtí nua atá lonnaithe gar do bhonneagar iarnróid, a chuirfidh le costas an iarnróid a laghdú i bhfoirm tobhaigh.
Tá Líne A1 an Luas go hIarthar na Cathrach á tabhairt ar aghaidh chomh maith i dteannta na hearnála poiblí, a sholáthróidh bonneagar iarnróid. Éascóidh sé sin forbairt sa cheantar amach anseo.
Spreagann an cur chuige seo le forbairt inchothaithe. Déantar é sin trí bheith ag cinntiú go dtugtar tacaíocht d’fhorbairtí nua trí iompar poiblí ardchumais.