Cén tslí a n-oibríonn Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí?
Is é an aidhm a bhíonn ag tionscadal PPP ná go gcuireann an earnáil phríobháideach ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas i gcrích:
- Airgeadas príobháideach a sholáthar chun an tionscadal a mhaoiniú
- Conradh seirbhíse fadtéarmach a dhéanamh [níos mó ná 5 bliana]
- Gabháil do shócmhainn a dhearadh agus a thógáil ar bhonn sonraíocht aschurtha, a ullmhaíonn agus a dhearann an earnáil phoiblí chun spriocanna leithne feidhmíochta a chomhlíonadh
- Socrú comhfhiontair a dhéanamh leis an earnáil phoiblí le seirbhís nó sócmhainn a sholáthar
D’fhéadfadh Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí bheith i bhfoirmeacha éagsúla, ach le rath a bheith orthu, ní mór dóibh:
- ‘luach ar airgead’ don státchiste san fhadtréimhse a sholáthar
- a chinntiú go ndéantar caighdeáin timpeallachta, sláinte poiblí agus sábháilteachta a chothabháil
- go gcosaítear leas an phobail go hiomlán
Ó thaobh na hearnála príobháidí de, soláthraíonn tionscadail PPP an deis bheith rannpháirteach go hiomlán i bhforbairt mhór bonneagair agus bheith cur le smaointe nua i dtaobh oibreacha a dhearadh agus a thógáil. Mar thoradh ar chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí, bíonn na scileanna bainistíochta is fearr, de chuid na hearnála poiblí agus príobháidí, á gcur le chéile maidir le seachadadh seirbhísí, a théann chun tairbhe an phobail.
Le tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar láithreán Gréasáin Rialtas na hÉireann faoi Chomhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí (ppp) http://www.ppp.gov.ie/