Ceisteanna Coitianta faoi Chomhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí

Ceisteanna Coitianta faoi Chomhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí

C. Cad is Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí ann?
F. Is éard is Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí (CPP) ná socrú conartha idir na hearnálacha poiblí agus príobháideacha ina mbíonn socrú soiléir ar chomhchuspóirí chun sócmhainn nó seirbhís a chur ar fáil a chuirfí ar fáil ar bhealach eile tríd an soláthar don earnáil phoiblí traidisiúnta.

C. Cén chaoi a n-oibríonn Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí?
F. Is é bun agus barr thionscadal CPP ná go ndéanfaidh an earnáil phríobháideach ceann nó níos mó den mhéid seo a leanas:

  • cistiú príobháideach a chur ar fáil cun an tionscadal a mhaoiniú
  • conradh seirbhíse fadtéarmach [níos mó ná 5 bliana] a ghlacadh
  • an dearadh agus an tógáil de shócmhainn a dhéanamh ar an mbunús de shonraíocht aschurtha a d’ullmhaigh an earnáil phoiblí agus atá deartha chun spriocanna feidhmíochta leathana a bhaint amach
  • socrú comhfhiontair a ghlacadh leis an earnáil phoiblí chun seirbhís nó sócmhainn a chur ar fáil

C. An bhfuil cineálacha difriúla Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí ann?
F. Bíonn Comhpháirtíochtaí Príobháideach Poiblí difriúla ann, ach ní mór dóibh an méid seo a leanas a bheith i gceist chun iad a bheith rathúil:

  • ‘luach ar airgead’ fadtéarmach don státchiste
  • caighdeáin chomhshaoil agus sláinte agus sábháilteachta poiblí a chinntiú
  • leas an phobail a chosaint go hiomlán

Téigh chuig láithreán gréasáin Chomhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí Rialtas na hÉireann ar http://www.ppp.gov.ie/ chun níos mó eolais a fháil.

C. Cad iad na tionscadail RPA ar Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí iad?
F. Forbraíodh Líne Luas B1 chuig Coill na Silíní, atá á tógáil faoi láthair, i gcomhpháirtíocht le forbróirí príobháideacha atá ag tabhairt maoiniú suntasach don tionscadal trí ranníocaíochtaí díreacha agus tobhaigh S.49.

Tugadh Líne Luas A1 chuig Iarthar na Cathrach chun cinn i gcomhghníomhú leis an earnáil phríobháideach, chun infreastruchtúr iarnróid a chur ar fáil chun forbairt amach anseo a éascú sa cheantar.

C. Cad iad na Tionscadail RPA ar Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí iad?
F. Tá na trí thionscadal seo a leanas curtha ar fáil faoi chlár forbartha Transport 21 an Rialtais:

  • Metro Thuaidh
  • Metro Thiar
  • Líne Luas F (Leamhcán go Lár Cathrach Bhaile Átha Cliath)

C. Conas is féidir liom a bheith i mo Phairtí Príobháideach le RPA ar Thionscadal CPP?
F. Déan Teagmháil linn chun níos mó eolais a fháil ar Chomhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí RPA.

Seol r-phost chuig: info@rpa.ie  
Gutháin: 01 64 63 400

C. Cad iad na buntáistí a bhaineann le CPPanna?
F. Don earnáil phríobháideach, tugann tionscadail CPP deis páirt iomlán a ghlacadh i mórfhorbairt infreastruchtúir agus cur le tuairimí nua chun oibreacha a dhearadh agus a thógáil. Tugann CPP an deis freisin na scileanna bainistíochta sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha oibriú le chéile chun seirbhísí ar mhaithe le leas an phobail a chur ar fáil.

Fotha Gréasáin Podchraoladh

Nuacht

Luas Docklands Commons Street Traffic Notification

26 March 2009

Luas Docklands (Line C1) Commons Street Traffic Notification   Á Thógáil Click here for more information on Luas Docklands (Line C1) Click here to view or dow...

...léigh leat

Nuacht 2

30 June 2008

Á Thógáil ...

...léigh leat

Nuacht

10 March 2008

Á Thógáil ...

...léigh leat

Cuardaigh an Chartlann Nuachta

Comhairlacháin Phoiblí

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta faoi Chomhairliúchán Poiblí C. Cad is Comhairliúchán Poiblí ann? F. Is éard atá i gceist le comhairliúchán poiblí...

...léigh leat

Forbhreathnú

Forbhreathnú ar/Cur chuige i leith Chomhairliúchán Poiblí an RPA Féachann an RPA le teagmháil a dhéanamh leis an bpobal agus le daoine aonair go díreach...

...léigh leat

An tslí ar féidir dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród le linn Comhairliúchán Poiblí

An tslí ar féidir dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród le linn Comhairliúchán Poiblí Laethanta Oscailte Reáchtá...

...léigh leat

Public Consultation Archive

This section lists all the past Public Consultation initiatives by RPA relating to our projects. Open Days Luas Line B2 Public Consultation Day St. Anne's Resource Centre, Shankill, Co. ...

...léigh leat

Public Consultation Initiatives

Public Consultation initiatives are when associations, communities, businesses organisations and the general public are invited to formally submit their views and opinions on a RPA project i...

...léigh leat