Cad is Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí ann?
Is éard atá i gceist le Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí (PPP) ná comhaontú conartha idir na hearnálacha poiblí agus príobháideacha a bhfuil comhaontú soiléir eatarthu, a chuimsíonn na cuspóirí céanna, i dtaobh sócmhainn nó seirbhís a sheachadadh, a sholáthrófaí trí sholáthar traidisiúnta na hearnála poiblí thairis sin.
Is éard atá ann go bunúsach ná modh eile chun seirbhísí agus bonneagar poiblí a sholáthar tríd an gcuid is fearr de na hearnálacha poiblí agus príobháideacha a chur le chéile, le béim ar luach ar airgead a fháil agus ar sheirbhísí poiblí ar ardchaighdeán a sholáthar.