Measúnacht Tionchar Timpeallachta
An Próiseas Pleanála
San Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 arna leasú ag an Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006 leagtar amach an próiseas faoina ndéanfar údarás reachtúil le haghaidh tograí nua iarnóid a bhronnadh. Go hachomair, is é atá ag gabháil leis an bpróiseas seo ná iarratas ar ordú reachtúil dá nglaoitear Ordú Iarnróid, chuig an Aire Iompair, chun iarnród a thógáil, a oibriú agus a chothabháil.
Ní mór na nithe seo a leanas a chur leis an iarratas ar Ordú Iarnróid: dréacht den Ordú atá á iarraidh, plean de na hoibreacha atáthar chun a dhéanamh faoin Ordú, liosta de réadmhaoin ar bith a n-imreoidh an t-iarratas tionchar uirthi chomh maith le Ráiteas Tionchar Timpeallachta. Ní mór fógraí a eisiúint i bpáipéir nuachta agus ní mór deis a thabhairt don bpobal féachaint ar na doiciméid a cuireadh isteach.
I indiaidh iarratas a fháil tá dualgas ar an Aire cigire a cheapadh. Tá ar an gcigire Fiosrú Poiblí a dhéanamh ar an iarratas agus tuarascáil ar an iarratas a chur chuig an Aire. Féadann duine ar bith uiríoll a dhéanamh chuig an Aire maidir leis an iarratas agus go sonrach maidir leis an tionchar timpeallachta a bheidh ag na hoibreacha beartaithe. Nuair atá breithniú déanta ar an iarratas, ar an tuarascáil ón gcigire agus ar uiríoll ar bith a rinneadh tá ar an Aire cinneadh a dhéanamh cé acu an mbronnfaidh sé/sí an tOrdú nó nach mbronnfaidh. Má dhéanann an tAire an tOrdú déanfar trí ionstram reachtúil é.
Measúnacht Tionchar Timpeallachta
Is é an Measúnacht Tionchar Timpeallachta an próiseas ina ndéanfar an tionchar timpeallachta a iniúchadh a bheidh ag forbairt bheartaithe ón am go ndéanfar an coicheap go deireadh a shaolré.
Is é an Ráiteas Tionchar Timpeallachta ráiteas faoin tionchar ar dócha a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar an timpeallacht.
Is obair shuntasach é Ráiteas Tionchar Timpeallachta do thogra Metro nó Luas a chur le chéile mar oibrítear go comhuaineach le dearadh an togra de réir mar atá sé ag teacht chun cinn agus an obair seo agus forbairt an togra ag brath ar a chéile[DC1]. Tá an Ráiteas Tionchar Timpeallachta rí-thábhachtach chun an nós imeachta reachtúil a chomhlíonadh. Déanfaidh an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród Measúnacht Tionchar Timpeallachta ag céimeanna éagsúla dá chuid oibreacha agus fostóidh sí comhairleoirí comhshaoil neamhspleácha chuige seo.
Déanfar staidéar deisce ar gach aon cheann de na roghanna ailínithe mar chuid den obair a dhéantar nuair a roghnaítear an bealach. Mar thoradh air seo aithnítear bacainní agus deiseanna ó thaobh na timpeallachta de, i ndáil le gach rogha ailínithe agus cuireann sé seo na torthaí a bhí ar an bpróiseas comhairliúcháin san áireamh.
Ullmhófar tuarascáil scóipe an Ráiteas Tionchar Timpeallachta ina sonraítear na saincheisteanna a gcaithfear plé a dhéanamh orthu sa Ráiteas Tionchar Timpeallachta mionsonraithe don bhealach is dealraithí a roghnófar.
Ullmhófar Ráiteas Tionchar Timpeallachta cuimsitheach chun alt 39 den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 a chomhlíonadh agus bunófar ar an tuarascáil scóipe timpeallachta é. Cuimsítear sa Ráiteas Tionchar Timpeallachta seo measúnacht ar an tionchar a bheidh ag an Luas agus ag Metro ar dhaoine, ar shaol na bplandaí agus na n-ainmhithe, ar ithir, ar uisce, ar an aer, ar fhachtóirí aeráide, ar an tírdhreach agus ar shócmhainní ábhair ina n-áirítear oidhreacht ailtireachta, sheandálaíochta agus chultúir. San Ráiteas Tionchar Timpeallachta Déanfar meastachán leis, ar na leibhéil torainn agus creatha a mheastar a bheidh ag teacht den obair tógála agus d’oibriú an Luas nó an Metro.
Le linn don Mheasúnacht Tionchar Timpeallachta a bheith ar siúl beidh an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród agus a cuid comhairleoirí i ndlúth-theagmháil leis na comhlachtaí reachtúla ar fad lena mbaineann. Áirítear orthu sin An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, Comhairle Contae Dhún Laoghaire agus Ráth an Dúin, Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, Oifig na nOibreacha Poiblí, An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath, An Taisce, Uiscebhealaí Éireann, An Roinn Cumarsáide, Mara & Acmhainní Nádúrtha agus Cuideachta Phoirt Bhaile Átha Cliath.
Cuirfidh an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród clár rioscaí timpeallachta le chéile agus cothóidh sí é de réir mar a dhéantar an togra a dhearadh. Forbróidh sí pleananna bainistithe timpeallachta le haghaidh céim tógála agus oibriúcháin an togra chun a chinntiú go gcomhlíonfar na gealltanais a tugadh sa Ráiteas Tionchar Timpeallachta.
TREOIR NA GNÍOMHAIREACHTA UM FHÁIL IARNRÓD DON RÁITEAS TIONCHAR TIMPEALLACHTA
Glaoitear Ordú Iarnróid ar an gcomhaontú dlíthiúil atá ag teastáil ón nGníomhaireacht um Fháil Iarnród chun togra Metro nó Luas ar bith a thógáil agus a oibriú. Déantar iarratais ar Orduithe Iarnróid chuig An Bord Pleanála (www.pleanala.ie). Leis an gcead seo is féidir leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród an t-iarnród a thógáil, réadmhaoin a cheannach a bhfuil gá léi chuige seo agus an t-iarnród a oibriú agus a chothabháil nuair a bheidh sé tógtha.
Ní mór Ráiteas Tionchar Timpeallachta a chur le gach Iarratas ar Ordú Iarnróid. Is é an chuspóir atá leis seo ná:
* Míniú a thabhairt ar an gcuspóir atá le Ráiteas Tionchar Timpeallachta agus an tslí ina bhfuil sé mar chuid den bpróiseas ina bhfaightear Ordú Iarnróid;
* Breac-chuntas a thabhairt ar an tslí ina gcuireann an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród Ráitis Tionchar Timpeallachta le chéile; agus
* Cur-síos a dhéanamh ar an tslí gur féidir leatsa páirt a ghlacadh sa phróiseas seo.
C1. Cad is Ráiteas Tionchar Timpeallachta ann?
Is é is Ráiteas Tionchar Timpeallachta ann ná tuarascáil ina gcuirtear in iúl an tionchar maith agus an droch-thionchar nó ceachtar díobh, a bheadh ag togra Metro nó Luas ar an timpeallacht dá gcuirfí i gcrích é.
Tá roinnt comhbhall ag gach Ráiteas Tionchar Timpeallachta. Áirítear iad seo a leanas orthu:
- Cur-síos ar an bhforbairt bheartaithe (mar aon le cur-síos ar na modhanna tógála ar dócha go mbainfear úsáid astu);
- Cur-síos ar an timpeallacht mar atá sí faoi láthair (sula dtógfar Metro nó Luas);
- Cur-síos ar an tionchar a mheastar a bheith ag gabháil le tógáil agus le hoibriú Metro nó Luas;
- Cur-síos ar na bearta a chuirfear i ngníomh chun aon droch-thionchar a bheadh ag Metro nó Luas a mhaolú; agus
- Achoimre neamh-theicniúil den Ráiteas Tionchar Timpeallachta.
Ní scríofar Ráiteas Tionchar Timpeallachta ach amháin nuair a bheidh measúnacht ar an tionchar ar dócha a bheidh ar an timpeallacht déanta. Measúnacht Tionchar Timpeallachta a ghlaoitear ar an measúnacht seo.
C2. Cad is Measúnacht Tionchar Timpeallachta ann?
Is próiseas é an Mheasúnacht Tionchar Timpeallachta ina ndéantar réamh-mheas ar an tionchar díreach agus neamhdhíreach a bheidh ag togra ar nós Metro nó Luas ar an timpeallacht. Is féidir tionchar dá leithéid a rangú de réir:
- Suntasachta;
- Cáilíochta;
- Faid; agus
- Cineáil.
Is í an phríomhchuspóir atá le Measúnacht Tionchar Timpeallachta a dhéanamh ná a chinntiú go n-aithneofar an tionchar a bheadh ag tograí ar nós Metro agus Luas ar an timpeallacht agus go maolófar droch-thionchar suntasach a d’fhéadfadh a bheith acu dá réir.
Ina theannta sin cabhraíonn an Mheasúnacht Tionchar Timpeallachta le húdaráis inniúla (An Bord Pleanála, mar shampla) nuair a bhíonn cinní pleanála á ndéanamh acu mar bíonn siad go huile agus go hiomlán ar an eolas faoin tionchar timpeallachta suntasach ar dócha a bheidh ag an togra agus na nithe seo a leanas curtha san áireamh acu i measc rudaí eile nach iad:
- an tIarratas ar Ordú Iarnróid;
- tuairimí an phobail; agus
- tuairimí atá léirithe ag sainchomhlachtaí eile.
C3. Cad is tionchar timpeallachta ann? Conas ar féidir droch-thionchar timpeallachta a sheachaint?
Is é is tionchar timpeallachta ann ná an méid go n-athraíonn an timpeallacht mar thoradh ar thogra cosúil le Metro nó Luas.
Tá de chuspóir ag an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród droch-thionchar ar an timpeallacht a sheachaint más féidir. Baintear é seo amach tríd na bearta seo a leanas a ghlacadh:
1. Slite eile a iniúchadh (is é sin, bealaí agus dearthaí malartacha agus próisis mhalartacha) d’fhonn tionchar suntasach ar an timpeallacht a sheachaint
2. Mura féidir tionchar a sheachaint, ní foláir bearta chun an tionchar sin a mhaolú a chumadh lenar féidir:
- an tionchar a laghdú; nó
- an tionchar a leigheas (iarmhairt inghlactha a chur in ionad droch-iarmharta).
C4. Cad iad na hábhair timpeallachta a ndéanfar measúnacht orthu mar chuid de Mheasúnacht Tionchar Timpeallachta Metro nó Luas?
Tá ceangal dlí orainn measúnacht a dhéanamh ar thionchar timpeallachta i ndáil leis na hábhair seo a leanas:
- Daoine (ina n-áirítear torann, crith agus tionchar leictreamaighnéadach);
- Saol na bplandaí agus na n-ainmhithe;
- Ithir;
- Uisce;
- Aer;
- Fachtóirí aeráide;
- Tírdhreach;
- Sócmhainní ábhair ina n-áirítear oidhreacht ailtireachta, sheandálaíochta agus chultúir; agus
- An gaol idir na hábhair timpeallachta.
C5. Conas ar féidir liomsa páirt a ghlacadh sa Phróiseas Measúnacht Tionchar Timpeallachta?
Tá mar chuspóir ag an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród próiseas Measúnacht Tionchar Timpeallachta trédhearcach a chur i gcrích, sa tslí go mbeidh teacht ar fhaisnéis agus go mbeidh ar chumas an phobail páirt a ghlacadh i measúnú a dhéanamh ar na roghanna. Ba mhaith leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród do chuid tuairimí a fháil ar na tograí Metro agus Luas go léir. Fáiltímid roimh aighneachtaí ó dhaoine a chuireann suim inár gcuid tograí, b’fhéidir, nó a bhfuil ár dtograí ag imirt tionchair orthu, mar shampla úinéirí réadmhaoine, úinéirí gnólachtaí, grúpaí pobail agus ionadaithe pobail.
Is féidir páirt a ghlacadh ag dá chéim ar leith de phróiseas an Mheasúnacht Tionchar Timpeallachta:
- Le linn don togra a bheith á dhearadh. Is é seo a t-am sula ndéanann an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród an t-iarratas ar an Ordú Iarnróid; agus
- Nuair a bhíonn an t-iarratas ar an Ordú Iarnróid istigh agus é ar thaispeáint phoiblí mar chuid den bpróiseas faofa reachtúil.
A) Sula gcuirtear an t-iarratas ar an Ordú Iarnróid isteach:
Beidh Ráiteas Tionchar Timpeallachta ag gabháil le hiarratas ar Ordú Iarnróid. Sula gcuirtear iarratas ar Ordú Iarnróid isteach téimid i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara agus leis an bpobal chun iad a chur ar an eolas agus chun aiseolas a fháil ar an togra, rud ina n-áirítear an tionchar timpeallachta a d’fhéadfadh a bheith aige. Mar chuid den gcomhairliúchán seo reáchtáilfear laethanta oscailte in áiteanna éagsúla in aice leis na hailínithe bealaigh beartaithe, scaipfear nuachtlitreacha ar phobail na háite agus foilseofar fógraí i bpáipéir nuachta.
Ina theannta sin bíonn cártaí saorphoist faoi iamh leis na nuachtlitreacha ón nGníomhaireacht um Fháil Iarnród a fhéadfar a úsáid chun tuairimí a sheoladh isteach. De bhreis air seo d’fhéadfadh go bhfreastalóidh ionadaithe ón nGníomhaireacht um Fháil Iarnród ar chruinnithe poiblí a eagraíonn grúpaí de chónaitheoirí áitiúla agus páirtithe leasmhara in aice leis na hailínithe bealaigh agus d’fhéadfadh go mbuailfidh ionadaithe ón nGníomhaireacht le daoine a n-imríonn ár gcuid tograí tionchar orthu.
Le linn na céime seo déantar obair innealtóireachta agus dearadh ailtireachta chomh maith d’fhonn droch-thionchar an togra ar an timpeallacht a laghdú an oiread agus is féidir.
B) Nuair a bheidh an t-iarratas ar an Ordú Iarnróid curtha isteach chuig an mBord Pleanála:
Má dhéantar iarratas ar Ordú Iarnróid cuirtear pleananna d’oibreacha ar bith atáthar chun a dhéanamh faoin Ordú seo mar aon leis an Ráiteas Tionchar Timpeallachta ar thaispeáint phoiblí ar feadh 6 seachtaine ar a laghad. Ní foláir fógraí an iarratais a chur i bpáipéir nuachta agus scríobhfaidh an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród chuig úinéirí réadmhaoine agus chuig áititheoirí a dtéann an t-iarratas i bhfeidhm orthu. Cuirtear na doiciméid ghaolmhara go léir ar thaispeáint in oifigí an Bhord Pleanála agus in oifigí na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8. Is féidir féachaint ar an Ráiteas Tionchar Timpeallachta agus ar léaráidí an Ordú Iarnróid ar shuíomh idirlín na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród, chomh maith.
A luaithe agus a bhíonn fógraí an iarratais ar Ordú Iarnróid foilsithe i bpáipéir nuachta agus curtha ar thaispeáint phoiblí ag an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród, féadann páirtithe leasmhara aighneachtaí i scríbhinn a chur isteach chuig An Bord Pleanála chun tuairimí ar bith a léiriú atá acu ar an iarratas.
Mar thoradh ar nádúr agus ar mhéid na dtograí Metro agus Luas is dócha go gcuirfidh An Bord Pleanála éisteacht ó bhéal phoiblí ar siúl i ndáil le hiarratas ar bith ar Ordú Iarnróid a dhéanann an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród. Ina theannta sin foilseoidh an Bord fógraí i bpáipéir nuachta faoin éisteacht seo sula dtosóidh sí. Féadann baill den bpobal scríobh chuig An Bord Pleanála mar atá mínithe thuas ach féadann siad freastal ar éisteacht ó bhéal agus a gcuid tuairimí a chur in iúl ansin do chigire an Bhord Pleanála, chomh maith.
Mar chuid de phróiseas na héisteachta ó bhéal tá ar an mBord Pleanála pé aighneachtaí a fuair sé a chíoradh. Féachfaidh sé ar an Ráiteas Tionchar Timpeallachta leis, a cuireadh isteach mar chuid den iarratas. Má chinneann an Bord Pleanála ordú iarnóid a dhéanamh foilseofar fógraí den gcinneadh i bpáipéir nuachta agus seolfar cóipeanna den ordú nó de shleachta ábhartha den ordú chuig daoine a dtéann sé i bhfeidhm orthu, úinéirí réadmhaoine agus áititheoirí san áireamh. Féadfaidh an pobal féachaint ar an ordú atá déanta in oifigí na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, chomh maith.
C6. Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród?
Más dóigh leat go mb’fhéidir go mbeidh líne Luas nó Metro bheartaithe ar bith ar do réadmhaoin, faoi do réadmhaoin nó in aice léi nó más mian leat go gcoinneofaí ar an eolas tú faoi laethanta oscailte nó má theastaíonn uait togra Luas nó Metro ar bith a phlé leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród, déan teagmháil linn, le do thoil.