Forbhreathnú/Cur chuige
Is éard atá i sainordú na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród ná bonneagar nua-aimseartha iompair a sholáthar, a bhfuil rochtain mhaith air agus a sholáthraíonn rogha eile taistil in ionad an chairr phríobháidigh. Is cuid lárnach de bheartas an Rialtais é athrú modúil a dhéanamh, ó iompar príobháideach go hiompar poiblí, chun forbairt inbhuanaithe agus cosaint chomhshaoil a bhaint amach.
Tá próiseas pleanála, deartha agus soláthair an RPA um bonneagar iompair ag teacht le, agus ag cur le, beartais níos leithne an Rialtas maidir le forbairt inbhuanaithe. Déanann an RPA a dhícheall cothromaíocht a bhaint amach idir indéantacht tionscadail aonair agus freagracht níos leithne sóisialta agus chomhshaoil.
Cuimsíonn ár dtiomantas do chleachtas maith comhshaoil a bhaint amach le bainistíocht laethúil ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.
Cuirfidh an RPA bearta faoi leith i gcrích leis an iarmhairt atá ag gnó ar an gcomhshaol a mhaolú. Déanfar é sin trí chleachtais inbhuanaithe a ghlacadh agus trí bheith ag cur le feidhmíocht chomhshaoil inár gcuid tionscadal ar bhonn leanúnach. Déanfaimid é seo a leanas:
- An Beartas Comhshaoil seo a chomhtháthú le próiseas pleanála agus cinnteoireachta an RPA;
- Cloí le ceanglais ábhartha reachtúla agus bheith suas chun dáta faoin gcleachtas is fearr in Éirinn agus go hidirnáisiúnta;
- Cúspóirí cuí comhshaoil agus próisis smachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a ndéanfaimid measúnú agus athbhreithniú orthu ó thaobh éifeachta de;
- Tionscadail nua, cothabháil agus athnuachan a bhainistiú ar shlí a chorpraíonn measúnú ar iarmhairtí, ar iarmhairtí iad a d'fhéadfadh bheith ag an obair ar an gcomhshaol, agus beart láithreach a dhéanamh le hiarmhairtí díobhálacha a mhaolú;
- Feasacht chomhshaoil a chur chun cinn i measc baill foirne agus comhairleach; agus
- Inniúlacht agus comhlíonadh ó thaobh an chomhshaoil de a thabhairt san áireamh agus conraitheoirí agus comhairleoirí á roghnú agus á mbainistiú.
Cinnteoidh an Príomhfheidhmeannach go scaipfear an beartas seo agus go gcuirfear i bhfeidhm sa Ghníomhaireacht é. Cuirfear tuarascáil faoina chomhlíonadh faoi bhráid Bhord an RPA go bliantúil.