Beartas Comhshaoil
Beartas Comhshaoil 2011
Beartas Comhshaoil na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród 2011
Tá an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród faoi shainordú bonneagar iompair nua-aimseartha a sholáthar a bhfuil rochtain éasca air agus a thairgeann modh taistil tarraingteach de rogha ar thaisteal i ngluaisteán príobháideach. Tá mar chuspóir lárnach ag beartas rialtais na hÉireann um fhorbairt inbhuanaithe agus um chosaint comhshaoil aistriú cóir iompair ó iompar príobháideach go hiompar poiblí a bhaint amach. Tá gealltanas tugtha ag an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród go gcuirfidh sí inbhuanaitheacht san áireamh agus bonneagar iompair á phleanáil, á dhearadh agus á sholáthar aici agus go gcuirfidh sí le beartas níos fairsinge atá ag an Rialtas i ndáil le forbairt inbhuanaithe.
Agus sinne ag gabháil do bonneagar iompair a sholáthar táimid tiomanta do cheannasaíocht a léiriú i gcleachtas comhshaoil i ngnáthbhainistiú laethúil ár gcuid gníomhaíochtaí.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród sainbhearta chun an baol a mhaolú ina gcuirtear an comhshaol agus an oidhreacht de thoradh ar ár ngnó. Is trí cleachtais inbhuanaithe a ghlacadh agus trí feabhas a chur de shíor ar ár bhfeidhmíocht i gcúrsaí comhshaoil inár gcuid tograí atáimid chun é seo a bhaint amach. Déanfaimid na nithe seo a leanas:
- Cúrsaí comhshaoil agus oidhreachta cultúrtha a fhí isteach i bpróisis phleanála agus chinnteoireachta na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród;
- Gealltanas a thabhairt go mbainfimid spriocanna dúshlánacha amach maidir le hídiú fuinnimh i gcúrsaí iompair a laghdú;
- Na riachtanais reachtúla ábhartha ar fad a chomhlíonadh agus a bheith ar an eolas i gcónaí faoi dhea-chleachtas in Éirinn agus go hidirnáisiunta;
- Cuspóirí agus próisis rialaithe cuí ó thaobh an chomhshaoil de a fhorbairt agus a chur i ngníomh. Déanfaimid monatóireacht agus athbhreithniú orthu seo chun a chinntiú go mbeidh siad éifeachtach;
- Tograí nua, cothabháil agus oibreacha athnuachana a bhainistiú ar shlí go gcuirtear measúnú ar an mbaol a bhíonn ann don gcomhshaol agus don oidhreacht chultúrtha san áireamh agus go nglactar bearta cuí chun tionchar díobhálach a mhaolú;
- Tuiscint ar an gcomhshaol a chur chun cinn i measc baill na foirne, comhairleoirí agus conarthóirí; agus
- Cinntiú go mbeidh feidhm ag ár mbeartais comhshaoil inár slabhra soláthair agus go háirithe, inniúlacht agus comhlíontacht maidir leis an gcomhshaol a chur san áireamh nuair a bhíonn conarthóirí agus comhairleoirí á roghnú agus á mbainistiú againn.
Tá dualgas ar gach fostaí a chinntiú go gcuirfear baol don gcomhshaol san áireamh agus sinn i mbun ár gcuid gníomhaíochtaí ach is é an Príomhfheidhmeannach a chinnteoidh go gcuirfear gach duine sa nGníomhaireacht ar an eolas faoin mbeartas seo agus go gcuirfear in ngníomh é ar fud na Gníomhaireachta le linn 2011. Tabharfaidh sé tuairisc do Bhord na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród ar a fheabhas agus a comhlíontar an beartas.
Frank Allen
Príomhfheidhmeannach
23 Nollaig 2010
Cliceáil anseo chun Beartas Comhshaoil na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród 2011 a léamh nó a íoslódáil