CEISTEANNA COITIANTA MAIDIR LE DEISEANNA TRÁCHTÁLA
C: Céard iad na Deiseanna Tráchtála atá ag RPA?
F: Bíonn deiseanna ag RPA maidir le fógraíocht ar thramanna agus ar stadanna Luas araon. Baineann deiseanna miondíola bothanna i stadanna Choill na Feá, Raghnallach agus Mhargadh na Feirme freisin. Baineann deiseanna chomh maith chun ró-acmhainneacht a úsáid ar dhuchtanna faoi thalamh agus cáblaí snáthoptaice. D’fhéadfadh deiseanna eile a bheith i gceist cosúil le haeróga a lorg ar struchtúir freisin.
C. Cén uair a bhíonn Deiseanna Tráchtála RPA ar fáil?
F. Bíonn deiseanna tráchtála ar fáil ar bhonn leanúnach maidir le línte Luas atá ann faoi láthair. Beidh deiseanna ar fáil do línte nua Metro agus Luas tar éis oibríochtaí a thógáil agus a thosú.
C. Cén chaoi a ndéanfaidh mé teagmháil le RPA faoi Dheiseanna Tráchtála?
F. Bainistíonn JC Decaux fógraíocht ar thramanna agus ar stadanna faoi chonradh leis an RPA. Más spéis leat fógraíocht a dhéanamh ar Luas téigh i dteagmháil le JC Decaux. Is iad Lisney a bhainistíonn deiseanna miondíola bothanna. Liostáiltear deiseanna tráchtála eile ar láithreán gréasáin E-tender (www.etenders.gov.ie)
Déan teagmháil le: luasadvertising@jcdecaux.ie
Guthán: +353 (0)1 2958170
An Gréasán: www.jcdecaux.ie
Guthán: +353 (0)1 6382790
R-phost: dublin@lisney.com
An Gréasán: www.lisney.com
C. Cá mbíonn Deiseanna Tráchtála RPA ar fáil?
F.Bíonn deiseanna tráchtála ar fáil ag stadanna Luas, ar thramanna agus ar struchtúir.
C. An mbíonn Deiseanna Tráchtála ar fáil ar Thramanna agus ar Stadanna amháin?
F. Bíonn deiseanna ar fáil ar struchtúir a shíneann le fad na línte Luas, thar an chúrsa Luas iomlán agus in iostaí Luas i Redcow, agus in Áth an Ghainimh.
C. An é fógraíocht an t-aon chineál Deis Tráchtála ar Luas nó ar Metro?
F. Ní hé, bíonn deiseanna ann do bhothanna miondíola. Baineann deiseanna chomh maith chun ró-acmhainneacht a úsáid ar dhuchtanna faoi thalamh agus cáblaí snáthoptaice. D’fhéadfadh deiseanna eile a bheith i gceist cosúil le haeróga a lorg ar struchtúir freisin.
C. Cén chaoi a gcuirfidh mé Meán Fograíochtaí in áirithe ar Thionscadail RPA?
F. Bainistíonn JC Decaus fógraíocht ar Luas faoi chonradh leis an RPA. Déan teagmháil le JC Decaux más mian leat fograíocht a chur in áirithe.
Déan teagmháil le: luasadvertising@jcdecaux.ie
Guthán: +353 (0)1 2958170
An Gréasán: www.jcdecaux.ie
C. Cén fhad a mhaireann Fógraíochtaí ar Luas nó ar Thramanna agus Stadanna Metro?
F. Faoi láthair maireann fógraíochtaí ar thimthriall coicíse. Is é sin tugtar spás fógraíochta ar cíos i mblocanna coicíse. Déan teagmháil le JC Decaux chun níos mó eolais a fháil.
Déan teagmháil le: luasadvertising@jcdecaux.ie
Guthán: +353 (0)1 2958170
An Gréasán: www.jcdecaux.ie
C. An bhfuil aon srianta ann maidir le táirgí nó seirbhísí a fhógairt ar Luas nó ar Metro?
F. Baineann ceanglais dlí agus rialála. Ba chóir nach mbainfeadh fógraíochtaí ón mbranda Luas nó ó thaithí paisinéirí a úsáideann Luas.
C. Cén uair a bheidh deiseanna tráchtála ann do Metro Thuaidh agus Metro Thiar?
F. Glacfar le tairiscintí ar dheiseanna díreach sula gcuirfear tús le hoibríochtaí.
C. Cad iad na Deiseanna Tráchtála Réadmhaoine ar Luas agus ar Metro?
F. Bíonn deiseanna miondíola ann faoi láthair ar Luas. Déan teagmháil le Lisney chun tuilleadh eolais a fháil ar spás miondíola nó deiseanna miondíola eile.
Guthán: +353 (0)1 6382790
R-phost: dublin@lisney.com
An Gréasán: www.lisney.com
C. Nuair a osclófar na Tionscadail RPA nua do Luas agus Metro an mbeidh níos mó Deiseanna Tráchtála ann?
F. Beidh méadu ar spás fógraíochta agus ar spás miondíola de réir mar a osclaitear línte nua. Beidh stadanna nua ann lena n-áirítear stadanna faoi thalamh don Metro. Beidh méadú ar líon na dtramanna in úsáid.
C. Cén spás miondíola nó réadmhaoine atá ar fáil ar Luas nó Metro?
F. Déantar spás miondíola a thógáil faoi rogha an RPA agus is é Lisney a bhainistíonn é. Déan teagmháil le Lisney chun liosta de dheiseanna reatha a fháil:
Guthán: +353 (0)1 6382790
R-phost: dublin@lisney.com
An Gréasán: www.lisney.com
C. Cad iad na deiseanna miondíola nó réadmhaoine reatha ar Luas?
F. Déan teagmháil le Lisney chun liosta iomlán de dheiseanna miondíola agus réadmhaoine ar Luas a fháil.
C. Cad é an costas chun fógraiocht a chur ar Luas nó Metro?
F. Ba chóir teagmháil a dhéanamh le JC Decaux chun fógraíocht a dhéanamh ar stadanna Luas mar is iadsan a oibríonn spás fógraíochta ar an Luas. Tá éagsúlacht rátaí ann. Déan teagmháil le JC Decaux chun breis eolais a fháil. Seo a leanas na sonraí teagmhála:
Déan teagmháil le: luasadvertising@jcdecaux.ie
Guthán: +353 (0)1 2958170
An Gréasán: www.jcdecaux.ie
C. Cad é an costas chun spás miondíola nó réadmhaoine a thógáil ar cíos ar Luas nó Metro?
F. Tá éagsulacht rátaí i gceist agus is iad Lisney a leagann síos na rátaí. Déan teagmháil le Lisney chun breis eolais a fháil
Guthán: +353 (0)1 6382790
R-phost: dublin@lisney.com
An Gréasán: www.lisney.com
C. An bhfuil RPA sásta Deiseanna Tráchtála nó feachtais mhargaíochta difriúla a fheiceáil?
F.Bíonn an RPA sásta i gcónaí éisteacht le moltaí nua agus leasaítear iad ar bhonn leanúnach.
Fógraíocht agus Promóisin
Déan teagmháil le: luasadvertising@jcdecaux.ie
Guthán: +353 (0)1 2958170
An Gréasán: www.jcdecaux.ie
Spás Miondíola
Guthán: +353 (0)1 6382790
R-phost: dublin@lisney.com
Seoladh:
Lisney,
24 Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath 2
An Gréasáin: www.lisney.com
Cliceáil anseo chun Fógraíocht ar Luas a fheiceáil
Cliceáil anseo chun Spás Miondíola agus Réadmhaoine ar Luas a fheiceáil
Cliceáil anseo chun Deiseanna Tráchtála Eile ar Luas a fheiceáil
Cliceáil anseo chun Sonraí Teagmhála maidir le Deiseanna Tráchtála Luas a fheiceáil