BEARTAS EALAÍNE AN RPA
Maidir le hoibreacha go léir de chuid an RPA agus tionscadail Metro agus an Luas á dtógáil, aithnítear an méid airgeadais a theastaíonn chun deiseanna cultúrtha agus ealaíne a chruthú d’ealaíontóirí, do ghrúpaí atá bunaithe ar ealaín, agus do phobail ata i dteagmháil le healaíontóirí. Déantar é seo faoi réir beartas idirnáisiúnta a bhaineann leis na healaíona agus leis an gcultúr, agus moltaí fhoilsiúchán an Rialtais: Public Art: Per Cent for Art Scheme, Treoracha Náisiúnta Ginearálta – 2004.
Baineann an chumhacht le tionscadail bonneagair an RPA saol cultúrtha na cathrach agus na bpobal a athrú go suntasach. Is féidir measúnú a dhéanamh ar thionchar cultúrtha a gcuid oibre chomh maith. Anuas air sin, moltar sa Tuarascáil um Fhorbairt Daonna 2004, de chuid Chlár Forbartha na Náisiún Aontaithe, go mbeadh an “cultúr” ar an gceathrú cholún inbhuanaitheachta, san ord céanna a bhfuil na trí cholún chlaisiceacha: eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaol.
De réir chuspóirí Transport 21, tá an RPA freagrach as inbhuanaitheacht a chinntiú agus tionscadail á gcur i gcrích. Tá gá le Beartas um Fhorbairt Chultúrtha Inbhuanaithe, a bheidh ina threoir do thionscadail bonneagair an RPA. Bainfear comhtháthú cultúrtha inbhuanaithe amach dá bharr, i gcomhthéacs na bpobal agus an tírdhreacha a dtagann siad trasna orthu.
Is tionscadail ar leith iad tionscadail Luas agus Metro an RPA i gcomparáid le buiséid chaipitil togálá an stáit in Éirinn.
Mar thoradh ar an scála agus ar an gcastacht a bhaineann le hiompar poiblí iarnróid éadroim, bíonn tionchar níos mó ag tionscadal an RPA ar ghnéithe uirbeacha ná mar a bhíonn ag tionscadail bonneagair na ngníomhaireachtaí cosúla stáit. Tríd an tírdhreach agus an mbailedhreach a chlaochló - ag leibhéil chultúrtha, fheidhmeannacha agus aeistéitiúla - bíonn tionchair leithne acu ar phobail, ar áiteanna agus ar an tírdhreach.
Aithníonn an RPA gur féidir cúraimí a léiriú agus athruithe a cheiliúradh, a bhaineann leis an mbonneagar nua, trí thionscadail ealaíne. Trí ealaíontóirí a éascú, obair a dhéanamh ina n-aonar nó i dteannta pobal, ligtear do dhaoine freagairt d’athruithe, ar freagairtí iad a mbeifear ag súil leo, ar shlí shláintiúil. Tá an RPA ag súil go mór leis na freagairtí sin a léiriú.
Aithníonn an RPA luach gach foirm ealaíne agus an luach a bhaineann le comhoibrithe disciplíní ealaíon agus deartha maidir le táirgeadh oibreacha cultúir agus ealaíon, a mbíonn suim ag an bpobal iontu. Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí ó ealaíontóirí, ó ghrúpaí atá bunaithe ar ealaín, ó phobail a oibríonn le healaíontóirí mar is cuí, agus ó choimrí daoine aonair.
Cé nach mian leis an RPA teorainn a chur le hiarrachtaí an phobail agus cleachtóirí, ní mór srianta loighisticiúla a chur i bhfeidhm ar gach tionscadal aonair. Tabharfar cuntas orthu sin i gcoimrí aonair an choimisiúin. Beidh siad mar chuid den chomhaontú conartha idir an RPA agus na cleachtóirí chomh maith.
Le tuilleadh eolais a fháil i dtaobh Bheartas Ealaíne an RPA, nó má tá suim agat cur isteach ar Choimisiún Ealaíon leis an RPA, téigh i dteagmháil linn le do thoil.
Le tuilleadh eolais a fháil i dtaobh Bheartas Ealaíne an RPA, nó má tá suim agat cur isteach ar Choimisiún Ealaíon leis an RPA, téigh i dteagmháil linn le do thoil.