Cód Iompair
Feidhmiú an Chóid
Bíonn feidhm ag an gCód Iompair maidir le gach fostaí de chuid an RPA fad a bhíonn siad fostaithe ag an nGníomhaireacht. Cuimsíonn sé sin gach duine atá fostaithe ag an RPA, is é sin iad siúd ar conradh nó iad siúd atá fostaithe go lánaimseartha, go páirtaimseartha nó ar théarma seasta. Ní bhíonn feidhm ag an gCód más san oifig atá tú nó ar an láithreán: Bíonn feidhm aige más ag déanamh ionadaíochta don RPA atá tú, nó má tá baint dhíreach agat leo.
Ceisteanna faoin gCód
Tá má ceist agat faoi fheidhmiú an Chóid, ba cheart duit labhairt le Rúnaí na Gníomhaireachta. Téitear i ngleic le ceisteanna nó le cúraimí faoi chomhlíonadh an chóid, maidir leatsa nó le duine eile, faoi rún.
Sárú an Chóid
Má bhraitheann tú gur sháraigh tú aon chuid den Chód seo de thaisme, ba cheart duit dul i dteagmháil le Rúnaí na Gníomhaireachta gan mhoill, a dhéileálfaidh leis ar shlí thuisceanach agus a dhéanfaidh a dhícheall a chinntiú go ndéanfar an sárú a réiteach ar shlí éifeachtach. Féachfar ar shárú Chóid, nó ar mhainneachtain sárú a nochtadh, a bhaineann leat, mar ábhar tromchúiseach agus d’fheadfadh sé bheith ina ábhar do bheart araíonachta, lena n-áireofaí tú a ligean chun bealaigh.
Ceanglais dhlíthiúla
Is ann don Chód Iompair seo de bhreis ar cheanglais dhlíthiúla eile a mbíonn feidhm acu maidir le foireann an RPA, go háirithe ailt 28 go 21 de chuid an Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 agus na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001.
Prionsabail an Chóid Iompair
Bíonn feidhm ag na prionsabail seo maidir le gach gné dár gcuid oibre:
- Macántacht
- Cumarsáid éifeachtach
- Rúndacht
- Iompraíocht dhlíthiúil
- Tráchtálacht
- Macántacht
Comhlíonaimid na caighdeáin is airde ó thaobh macántachta agus ionraiceas de agus déileála gnó á ndéanamh againn. Ciallaíonn sé seo nach mór duit iad seo a leanas a chomhlíonadh mar bhall foirne:
- Diúltiú d’aon bhreab nó d’aslach a thairiscítear duit. Sa chás sin ní mór duit é a nochtadh do Rúnaí na Gníomhaireachta a luaithe agus is féidir.
- Gan tairiscint a dhéanamh breab nó aslach a dhéanamh.
- D’iúltiú d’aon bhronntanas nó flaithiúlacht, a mbeidh tionchar aige ar ghnó a bhronntar ar sholáthraí ar bith, ar sholáthraithe amach anseo, nó ar do chumas breithniúnas neamhspleách a thabhairt i dtaobh ábhair ar bith a bhaineann le d’obair agus go háirithe na treoirlínte maidir le bronntanais nó le flaithiúlacht a chomhlíonadh i sceideal an chóid seo.
- Diúliú d’aon chleachtas gnó a mheastar a bheith ina chleachtas míchuí.
- Ná tabhair gealltanas nuair nach féidir leat é a chomhlíonadh.
- Ná húsáid do phost san RPA ar mhaithe leat féin nó ar mhaithe le duine atá gaolta leat.
- Ní mór duit sonraí leasa ar bith a nochtadh i scríbhinn a d’fhéadfadh bheith ina easaontacht leasa nuair a cheanglóidh alt 28 de chuid an Achta Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 é nó na hAchtanna um Eitic in Oifig Phoiblí, 1995 agus 2001.
- Má tá easaontacht leasa agat, lena n-áirítear cúinsí a chlúdaítear in alt 29 de chuid an Achta Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001, ní mór é a nochtadh do Rúnaí na Gníomhaireachta agus don mBainisteoir ábhartha de chuid an RPA. Ní féidir tionchar a bheith agat, nó iarracht a dhéanamh tionchar a bheith agat ar chinneadh ábhar a mbíonn éifeacht aige air.
Cumarsáid éifeachtach
Déanaimid a chinntiú go bhfuil na cumarsáidí go léir éifeachtach. Ciallaíonn sé sin, nach mór duit é seo a leanas a dhéanamh agus tú i do bhall foirne:
- a chinntiú go bhfuil tú dea-bhéasach maidir le gach cumarsáid.
- a chinnitú go bhfuil na cumarsáidí cruinn, agus go háirithe, nach ndéanann siad dearcadh na Gníomhaireachta i dtaobh ábhar ar bith a mhífhaisnéisiú.
- a chinntiú go bhfuil do chumarsáidí soiléir agus machnamh á dhéanamh agat ar riachtanais iad siúd a bhfuil siad dírithe orthu.
- a chinntiú go ndéantar taifead oiriúnach de chumarsáidí ar shlí eagraíochtúil.
- cumarsáidí mhíchuí a nochtadh faoi alt 21 den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 trí litir a scríobh chuig an gCathaoirleach, an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród, faoi chúram an Rúnaí, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Geata na Páirce, Baile Átha Cliath 8.
Cuimhnigh go bhféadfaí gach taifead lena n-áirítear ríomhphoist, litreacha, nótaí i scríbhinn agus aon doiciméad eile a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003.
Rúndacht
Déanaimid faisnéis faoi rún a chosaint ar shlí chúramach. Ciallaíonn sé sin nach mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh más ball foirne tú:
- a chinntiú nach ndéanann an RPA faisnéis faoi rún a mhí-úsáid agus, a mhéid is indéanta, aon duine eile nó comhlachas lasmuigh den RPA.
- a chinntiú go ndéantar leorchosaint ar fhaisnéis faoi rún san RPA, agus sa chás go bhfuil tú á seoladh chuig duine nó comhlachas lasmuigh den RPA, go ndéanann an duine nó an comhlachas sin leorchosaint uirthi, a mhéid is indéanta.
- aire cheart a thabhairt agus faisnéis dá leithéid á chur in iúl duit ionas nach féidir le duine eile, nach bhfuil an t-údarás aige, teacht uirthi.
- gan chumarsáid a dhéanamh le tairgeoir, ná le tairgeoir ionchasach, lena n-áirítear soláthraithe reatha, maidir le tairiscint ar bith atá á pleanáil nó á reáchtáil ag an RPA, ar shlí a thugann buntáiste míchothrom dóibh, ná aon treoirlíne nó riail a chomhlíonadh de chuid Bhainisteoir Soláthair an RPA le haghaidh tairiscintí áirithe.
- a chinntiú go n-úsáidtear faisnéis phearsanta de réir an dlí um chosaint sonraí amháin.
Is ann do na forálacha seo maidir le rúndacht de bhreis ar fhorálacha alt 30 den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001.
Iompraíocht dhlíthiúil
Déanaimid gach dlí agus rialúchán infheidhmithe a chomhlíonadh. Ciallaíonn sé sin, mar bhall foirne, nach mór duit:
- gach oibleagáid dhlíthiúil agus rialála is infeidhme maidir leis an RPA a chomhlíonadh, go háirithe an dlí agus rialacha soláthair phoiblí, an dlí agus rialacha faoi shábháilteacht iarnróid agus ionad oibre, an dlí comhshaoil, an dlí agus rialacha faoi chúrsaí eitice agus an dlí cánach.
- oibleagáidí conartha is infeidhme maidir leis an RPA a chomhlíonadh.
- nósanna imeachta rialaithe inmheánacha an RPA a chomhlíonadh, go háirithe nósanna imeachta maidir le soláthar agus cur amach ar thairiscintí, agus leibhéil údaráis chun caiteachas a cheadú.
Tráchtálacht
Déanaimid ár ndícheall an luach is fearr ar airgead a fháil don cháiníocóir maidir le gach gníomhaíocht. Ciallaíonn sé sin nach mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh más ball foirne tú:
- Iomaíocht éifeachtach agus cothrom a spreagadh i measc soláthraithe an t-am ar fad.
- do dhícheall a dhéanamh cothromaíocht a chinnitiú maidir le costais, le ham agus le cáilíocht agus tionscadail á bhforbairt againn.
- idirbheartaíocht chothrom a dhéanamh ach ar shlí bhríomhar.
Tá feidhm ag na treoirlínte seo a leanas agus machnamh á dhéanamh agat i dtaobh bronntanas nó cineál flaithiúlachta a ghlacadh nó a dhiúltiú.
Riachtanas Ginearálta
Ní féidir brontanas nó aon chineál flaithiúlachta a ghlacadh i gcúinse ar bith a bhféadfadh tionchar bheith aige ar ghnó a bhronnadh ar sholáthraí nó ar sholáthraí ionchasach.
Is faoi gach fostaí a chinntiú go bhfuil an oibleagáid seo á chomhlíonadh aige.
Soláthraithe, ar Soláthraithe Ionchasacha iad chomh maith.
Maidir le soláthraí reatha ar bith a bhfuiltear ag súil go gcuirfidh sé tairiscint isteach ar, nó a bhfuil tairiscint á cur isteach aige ar chonradh ar bith a bhronnfaidh an RPA, ní mór plé leis an soláthraí sin mar sholáthraí ionchasach a mhéid is féidir de réir caidrimh gnó reatha.
Bronntanais
Ní féidir glacadh le bronntanais ó sholáthraí ionchasach riamh. Cé is móite de bhronntanais de luach ainmniúil, ní féidir glacadh le bronntanas ar bith ó sholáthraí reatha. Má sheoltar bronntanas ar bith, nach de luach ainmniúil é, chuig fostaí an RPA, be cheart é a sheoladh ar ais chuig an seoltóir le nóta á chur in iúl go mbeadh sé contrártha do bheartas an RPA glacadh leis, nó nuair nach féidir é sin a dhéanamh, é a thabhairt do Rúnaí na Gníomhaireachta a thabharfaidh do charthanas é agus a chuirfidh sé sin in iúl don seoltóir.
Ní féidir glacadh le hairgead, le dearbhán nó le haon doiciméad eile a d’fhéadfadh a mhalartú le haghaidh airgid, neamhaird ar mhéid an airgid.
Ní mór fógra a thabhairt i dtaobh na mbronntanas go léir a thairiscítear nó a fhaightear, cé is móite de bhronntanais de luach ainmiúil, a luaithe agus is féidir ina dhiaidh sin do Rúnaí na Gníomhaireachta. Ní cheadaítear bronntanais a shireadh, go díreach nó go hindíreach.
Ní féidir glacadh le hurraíocht riamh ó sholáthraí ionschasach. Ní féidir é a iarraidh nó a ghlacadh ó sholáthraí ar bith reatha, cé is móite de dhaoine aonair a bhíonn i dteagmháil leis an RPA le haghaidh méideanna níos lú ná €30 d’imeachtaí carthanachta, a mbíonn baill aonair nó an fhoireann ag gabháil leo, nó do charthanais a mbíonn na baill foirne sin páirteach iontu.
Flaithiúlacht
Is féidir glacadh le flaithiúlacht ó sholáthraithe reatha (cuirí chuig imeachtaí spóirt agus gailf), sna cúinsí seo a leanas:
- nach mó minicíocht agus scála na flaithiúlachta ná mar a mbeifear ag súil leis ón RPA dá réir
- nach nglacann ach líon íosta fostaithe san RPA leis, agus
- nach mbaineann taisteal coigríche ná cóiríocht thar oíche leis an gcuireadh.
I gcúinsí eisceachtúla, agus le ceadú i scríbhinn a fháil ó Rúnaí na Gníomhaireachta roimh ré, is féidir glacadh le flaithiúlacht lena mbaineann taisteal agus cóireacht thar oíche in Éirinn.
Ní féidir glacadh leis ó sholáthraithe ionchasacha (lena n-áirítear, mar a luaitear thuas, soláthraithe ar soláthraithe ionchasacha iad ag an am atá i gceist). Ní eisiann sé sin imeachtaí ar nós seimineár a d’fhéadfadh bheith eagraithe ag soláthraithe ionchasacha do chomhaltaí gairme go ginearálta. Ní chóir d’aon bhall foirne de chuid an RPA glacadh le flaithiúlacht ar bith ag imeachtaí dá leithéid, nach bhfuil á soláthar do gach duine ann.
Ní mór fógra a thabhairt ina taobh, má thairscítear nó má fhaigtear é, a amháin nuair a bhaineann nádúr fanóideach leis .i. deochanna a sholáthraítear ag ócáidí, nó deochanna a bhíonn ar fáil go ginearálta ag seimineáir, a luaithe agus is féidir ina dhiaidh sin do Rúnaí na Gníomhaireachta.
Cliceáil anseo chun Cód Iompair Bhaill Foirne an RPA a fheiceáil nó a íoslódáil.
Cliceáil anseo chun Cód Iompair Chomhaltaí Boird an RPA a fheiceáil nó a íoslódáil.
Cliceáil anseo chun Cód Iompair Chomhairligh an RPA a fheiceáil nó a íoslódáil.