Cúlra

Cúlra

Tram an Luas ag Stad San Séamus

1994- Luas
I dtuarascáil Thionscnamh Iompair Bhaile Átha Cliath, mí Aibreán 1994, ba ann do réimse leathan moltaí a raibh an aidhm leo cuspóirí iompair, talamhúsáide agus timpeallachta - a aithníodh go soiléir - a chur i gcrích do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Moladh sa tuarascáil go mbunófaí córas Idirthurais Iarnróid Éadroim (LRT), ina mbeadh trí líne, a chrúthódh nasc idir Tamhlacht, Baile Munna, Cábán tSíle agus Lár na Cathrach.

I mí Dheireadh Fómhair 1994, d’iarr an Rialtas ar CIÉ réamhobair a thosú ar bhunú an chórais. I ndiaidh machnamh a dhéanamh ar an maoiniú a bhí ar fáil, agus dianstaidéar a dhéanamh, moladh na céimeanna seo a leanas:

Céim 1: Tamhlacht go Dún Droma/Baile Amhlaoibh via Lár na Cathrach. Céim 2: Baile Munna go Lár na Cathrach agus Dún Droma/Baile Amhlaoibh go hÁth an Ghainimh.

1996- Luas
I mí Iúil 1996, achtaíodh an tAcht Iompair (Iarnród Éadrom Bhaile Átha Cliath) 1996. Faoin Acht seo, soláthraíodh creat dlíthiúil a chuir ar chumas CIÉ iarratas a dhéanamh ar an iarAire Fiontar Poiblí i gcomhair “Orduithe um Iarnród Éadrom”. Thabharfadh sé seo an chumhacht do CIÉ iarnróid éadroma a thógáil, a oibriú agus a chothabháil. Ba shaincheanglas de chuid an Achta é fiosrúchán poiblí a reáchtáil faoi gach iarratas a rinneadh.

1997- Luas
I mí Bealtaine 1997 chuir CIÉ iarratas isteach ar Ordú um Iarnród Iompair i gcomhair Céim 1. Gealladh an Rialtas go dtabharfaí maoiniú breise dóibh chun síneadh a chur ar an líne ó Dhún Droma/Baile Amhlaoibh go Páirc Ghnó Áth an Ghainimh.

I mí Iúil 1997, cuireadh tús le fiosrúchán poiblí, a cuireadh ar atráth arís é go dtí go raibh torthaí thuarascáil chomhairleach an Rialtais acu. Coimisiúnadh an tuarscáil sin faoin rogha a bhain le córas LRT a thógáil faoin talamh i Lár na Cathrach.

I mí Dheireadh Fómhair 1997 rinneadh na comhairligh a choimisiúnú. I mí Aibreáin 1998 fuarthas an tuarascáil. Ba é conclúid na tuarascála gurbh é an córas dromchla an córas b’oiriúnaí agus b’éifeachtaí ó thaobh costais de, a chomhlíonfadh riachtanais iompair na cathrach agus a fhreastalódh ar éileamh paisinéirí san fhadtréimhse.

1998- Luas
I mí Bealtaine 1998 bheartaigh an Rialtas go leanófaí leis an gcóras LRT. Chuimseodh sé sin líne dhromchla ó Thamhlacht go Stáisiún Uí Chonghaile (bunaithe ar ailíniú roghnaithe dromchla CIÉ ó Thamhlacht go Sráid Uí Chonaill) agus líne ó Pháirc Ghnó Áth an Ghainimh go Baile Munna agus Aerfort Bhaile Átha Cliath. D’úsáidfí ailíniú iarnróid Shráid Fhearchair agus na Cloiche Leithne, de réir mar a pléadh. Chomh maith leis sin, bheartaigh an Rialtas ar chuid den chóras LRT a chur faoi thalamh i Lár na Cathrach, idir Faiche Stiabhne agus an Chloch Leathan.

De réir chinneadh an Rialtais, tharraing CIÉ an t-iarratas siar. Is é sin an t-iarratas a bhí curtha isteach acu ar Líne ó Thamhlacht go Dún Droma/Baile Amhlaoibh, agus an t-iarratas a rinneadh ina dhiaidh sin ar shíneadh ó Dhún Droma/Baile Amhlaoibh go Páirc Ghnó Áth an Ghainimh.

D’fhéach Oifig Tionscadail an Iarnróid Éadroim, de chuid CIÉ, le plean a fheidhmiú do céad chéim an LUAS, a bhí de réir chinneadh an Rialtais i mBealtaine 1998.

2000- Luas
I mí Iúil 2000 d’fhógair an tAire Fiontar Poiblí go ndearna an Rialtas faomhadh ar an gcóras Metro a fhorbairt ar bhonn comhpháirtíochta príobháidí poiblí. Chomh maith leis sin, dheimhnigh an tAire go dtógfaí an Líne ó Fhaiche Stiabhne go Páirc Ghnó Áth an Ghainimh. Bhí sé sin de réir an ordaithe um Iarnród Éadrom a rinneadh i 1999 agus go ndéanfaí é a chomhtháthú sa chóras Metro.

I mí Dheireadh Fómhair 2000 d’fhoilsigh Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath (DTO) ‘A Platform for Change – Outline of an integrated transportation strategy for the Greater Dublin Area – 2000 to 2016’ ina gcorpraífaí línte an Luas agus Metro - mar a fógraíodh cheana i gcás an Metro.

Soláthraíonn straitéis Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath creat iomlán pleanála le córas iompair a fhorbairt i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Dheimhnigh an Rialtas go nglacann sé le príomhéirim na straitéise. Tá cuid de na línte a corpraíodh i straitéis an DTO á dtógáil faoi láthair nó ag an gcéim phleanála. Ní mór córas mionsonraithe pleanála a chur i bhfeidhm ar  Línte eile an Luas agus Metro, de réir mar is cuí, mar aon le roghnú bealaigh, comhairliúchán poiblí, staidéir indéantachta theicniúla, measúnuithe eacnamaíocha agus comhshaoil, agus nósanna imeachta deartha agus faofa reachtúil.

2001 - RPA
I mí na Nollag 2001 achtaíodh an tAcht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 agus aisghaireadh an tAcht Iompair (Iarnród Éadrom Bhaile Átha Cliath) 1996. Tá fórálacha an Achta nua cosúil le hAcht na gcóras Luas agus Metro a aisghaireadh. San Acht seo, éascaíodh dóibh an tairbhe a bhaintear as Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poibhí a shaothrú, maidir le forbairt na gcóras Luas agus Metro. Chomh maith leis sin, bunaíodh an RPA mar ghníomhaireacht neamhspleách reachtúil dá bharr, atá freagrach as córas bonneagar iarnróid a sholáthar.

Ar an 28 Nollaig 2001 bunaíodh an RPA. Comhchuimsíodh an RPA ról Oifig Tionscadail an Iarnróid Éadroim, a bhí ag CIÉ roimhe sin. Reáchtáladh an chéad chruinniú boird de chuid an RPA i mí Eanáir 2002.

2002- Luas
I mí Feabhra 2002 d’fhógair an tAire Fiontar gurbh é Connex Transport (ar a dtugtar Veoilia Transport anois) an tairgeoir roghnaithe a bhuaigh saincheadúnas oibriúcháin an Luas.

I mBealtaine 2002 rinneadh conradh 5 bliana idir an RPA agus Connex Transport (ar a dtugtar Veoilia Transport Ireland anois) chun an Luas a oibriú agus a chothabháil. Is cuid de ghrúpaí seirbhísí bonneagair agus comhshaoil Francacha é Connex anois (Veoilia) a bhfuil taithí leathan acu ar chórais iompair phoiblí a oibriú. Chomh maith leis sin, cuireadh tús le conradh 15 bliana idir an RPA agus Alstom Transport S.A chun feithiclí iarnróid éadroim a chothabháil. Rinneadh an conradh seo a bhronnadh ar Connex Transport (Veoilia Transport Ireland) i mí Aibreáin 2004.

2002 - Metro
I mí Eanáir 2002 d’iarr an Rialtas ar an RPA cás gnó mionsonraithe a ullmhú do Metro Bhaile Átha Cliath agus scrúdú a dhéanamh ar an tslí ar féidir é a chur chun cinn mar chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí (PPP). Chomh maith leis sin, tugadh ordú don RPA tús a chur leis an bpróiseas soláthair trí ráitis spéise a fháil ó sholáthraithe agus ó chonraitheoirí idirnáisiúnta.

Seoladh an tionscadal i Márta 2002 ag ócáid ag Óstán Shelbourne, Baile Átha Cliath. D’fhreastail níos mó ná 300 ionadaí air – ba iad sin na hoibreoirí, na soláthraithe trealamh iompair, agus na conraitheoiri is fearr ar domhan.

I mí an Mheithimh 2002, dheimhnigh an Rialtas go raibh sé tiomanta don tionscadal Metro agus don chéad chéim a chur chun cinn ó Lár Bhaile Átha Cliath chuig an Aerfort, mar chuid de Chlár 5 bliana don Rialtas. I mí na Samhna 2002, chuir an RPA Cás cuimsitheach Gnó don Metro os comhair an Rialtais. Sa chás sin, cuireadh le chéile obair an RPA ar chuid mhór gnéithe an tionscadail, lena n-áirítear costais, tairbhe, roghanna ailínithe, an acmhainn a bhí ann d’fhorbairt maoine lena mbaineann, roghanna maoinithe agus struchtúrtha tráchtála, agus an costas don Rialtas agus roghanna straitéisí soláthair. Ag an am céanna, réamhcháiligh an RPA 22 cuideachta idirnáisiúnta agus cuibhreannas, lena n-áirítear na cuideachtaí go léir a bhí chun tosaigh maidir leis an Metro a thógáil agus a oibriú ar fud an domhain.

2002 – Scéim Ticéadaithe Chomhtháite

I mí Feabhra 2002 chuir an tAire Fiontar Poiblí feidhm shuntasach le sainordú an RPA. Ba é sin an fhreagracht a tugadh dóibh an córas ticéadaithe chomhtháite a fheidhmiú i measc na soláthraithe difriúla iompair phoiblí.

I mí na Nollag 2002 d’fhorbair an fhoireann Tionscadail ITS plean tionscadail mionsonraithe. Cuireadh faoi bhráid na Roinne Iompair é i mí na Nollag 2002.

Tá tionscadal ceithre chéim beartaithe faoin bplean:

1. Bunú – curtha i gcrích
2. Dearadh agus sonraíocht - curtha i gcrích
3. Soláthar – ar siúl
4. Feidhmiú – Tosófar an feidhmiú céimnithe nuair a bheidh córais na cúloigife curtha i gcrích. Tá cártaí cliste ITS á dtabhairt isteach chuig seirbhísí oibritheoirí aonair sula dtabharfar do gach oibritheoir iad, ar bhonn comhtháite, a luaithe atá tástáil leathan curtha i gcrích.

I mí Mhéan Fómhair 2008 d’fhógair an RPA go raibh an conradh chun cúloifiig a sholáthar, don Scéim Ticéadaithe Chomhtháite, bronnta ar IBM. Tá an córas a fhorbrófar bunaithe ar an gcóras is fearr dá bhfuil ann i Singeapór. Gheobhaidh IBM tacaíocht óna fhochonraitheoir MSI maidir leis an gcóras i Singeapór a leasú, a fhreastalóidh ar riachtanais Bhaile Átha Cliath.

An 22 Aibreán 2010 d’fhógair an Ghíomhaireacht um Fháil Iarnród gur bronnadh an conradh chun an Scéim Ticéadaithe Chomhtháite a oibriú ar Hewlett-Packard, Éire.

Cuirfear an Scéim Ticéadaithe Chomhtháite i bhfeidhm do chustaiméirí idir 2010 agus 2011.

2003- Luas
I mí Dheireadh Fómhair 2003 cuireadh na chéad thomhaslínte ó Iosta na Bó Deirge go Stad Thamhlachta i gcrích go rathúil.

2003 - Metro
Agus inacmhainneacht an tionscadail ina hábhar imní, chuir an RPA togra leasaithe faoin Metro faoi bhráid an Rialtais i mí an Mheithimh 2003. Bhí sé sin bunaithe ar an taithí idirnáisiúnta a bhí acu. Dhéanfaí bealach níos giorra idir an Lár agus an t-aerfort a sholáthar dá bharr, le líon níos lú stadanna.

2004- Luas
I mí Feabhra 2005 chonaic an tAire Iompair, Séamus Brennan, céadturas an tram thar an Droichead Theach Naithní nua ag Dún Droma. Chabhraigh Méara Bhaile Átha Cliath, Royston Brady, leis an bpíosa deireanach riain a chur síos ag Stáisiún Uí Chonghaile.

I Márta 2004 cuireadh na chéad línte ó Pháirc Ghnó Áth an Ghainimh go Faiche Stiabhne (an Líne Ghlas) i gcrích agus ón mBó Dhearg go Sráid na Mainistreach (an Líne Dhearg).

I mBealtaine 2004 bronnadh an conradh do Chóras Uathoibríoch Bailithe Táillí ar Scheidt agus Bachmann.

Ar an 30 Meitheamh 2004 d’oscail an tIarAire Iompair, Seamus Brennan, T.D, an chéad iarnród éadrom go hoifigiúil. Ba é sin an Líne Ghlas idir Áth an Ghainimh i mBaile Átha Cliath Theas agus Faiche Stiabhne sa Lár.

I mí Mheán Fómhair 2004, d’oscail an Taoiseach, Bertie Ahern, an líne Luas nua (an Líne Dhearg) idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Tamhlacht.

2004 – Scéim Ticéadaithe Chomhtháite
I mí Aibreáin 2004 sheol Rannóg Ticéadaithe Chomhtháite an RPA córas cárta cliste d’oibritheoir bus príobháidigh.

2005
I mí na Samhna 2005, d’fhoilsigh an Roinn Iompair mionsonraithe a bhain le Plean cuimsitheach iompair – Transport 21.

Faoi  Transport 21 tá an RPA freagrach as cúig shíneadh ar an gcóras Luas a fhorbairt, Líne nua Luas agus dhá líne Metro nua.

Luas Iarthar na Cathrach (A1)

Luas Choill na Silíní (B1)

Luas Bhré/an Fhásaigh Rua (B2)

Luas City Centre Link (BX)

Luas na nDugthailte (C1)

Luas Chlós Dhroichead Broome (D)

Luas Staidéar Ráth Fearnáin (E)

Luas Leamhcáin (F)

Metro (an tAefort/Sord) (Metro ó Thuaidh)

Cuarmhetro (Metro an Iarthair)

Fotha Gréasáin Podchraoladh

Nuacht

Luas Docklands Commons Street Traffic Notification

26 March 2009

Luas Docklands (Line C1) Commons Street Traffic Notification   Á Thógáil Click here for more information on Luas Docklands (Line C1) Click here to view or dow...

...léigh leat

Nuacht 2

30 June 2008

Á Thógáil ...

...léigh leat

Nuacht

10 March 2008

Á Thógáil ...

...léigh leat

Cuardaigh an Chartlann Nuachta

Comhairlacháin Phoiblí

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta faoi Chomhairliúchán Poiblí C. Cad is Comhairliúchán Poiblí ann? F. Is éard atá i gceist le comhairliúchán poiblí...

...léigh leat

Forbhreathnú

Forbhreathnú ar/Cur chuige i leith Chomhairliúchán Poiblí an RPA Féachann an RPA le teagmháil a dhéanamh leis an bpobal agus le daoine aonair go díreach...

...léigh leat

An tslí ar féidir dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród le linn Comhairliúchán Poiblí

An tslí ar féidir dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród le linn Comhairliúchán Poiblí Laethanta Oscailte Reáchtá...

...léigh leat

Public Consultation Archive

This section lists all the past Public Consultation initiatives by RPA relating to our projects. Open Days Luas Line B2 Public Consultation Day St. Anne's Resource Centre, Shankill, Co. ...

...léigh leat

Public Consultation Initiatives

Public Consultation initiatives are when associations, communities, businesses organisations and the general public are invited to formally submit their views and opinions on a RPA project i...

...léigh leat