An Próiseas Pleanála Iompair
Tá próiseas forbartha mionchruinn ag an Roinn Pleanála Iompair atá rí-thábhachtach chun an córas Luas agus an córas Metro a sholáthar go rathúil i mBaile Átha Cliath i dtimpeallacht a bhíonn ag síorathrú. Anseo thíos tugtar breac-chuntas ar an bPróiseas atá idir lámha ag Roinn Pleanála Iompair na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród.
Forbairt Togra
- Giniúint na Scéime
- Feidearthacht na Scéime
- Bealaí a Aithint, a Roghnú agus a Mheas (Staidéar i ndáil le hAilíniú a roghnú)
- Dearadh Imlíneach agus Cúis Ghnó
- Ordú Iarnróid, Dearadh agus Bronnadh an Chonartha
- Tógáil, Coimisiúnú agus Oibríochtaí
Barrfheabhsú an Dearaidh
Beidh Roinn Pleanála Iompair na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród ag cur go mór le dearadh córais de réir mar atá sí ag leanúint ar aghaidh ag cur béime ar an dá rud seo: na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ar fáil chun dul i ngleic le fadhb ar bith ar an taobh amháin agus, ar an taobh eile, an comhéadan le modhanna iompair eile agus le forbairt uirbeach araon.
Socróidh an grúpa go dtáirgfear gnéithe tábhachtacha den gcúis ghnó nó go deimhin cúis ghnó iomlán do gach togra agus do gach fo-thogra i gcomhar le Design Group agus le Corporate Services Group.
Monatóireacht agus Taighde
Gabhfaidh an Roinn Pleanála Iompair uirthi monatóireacht agus bréagshamhlú a dhéanamh go gníomhach ar a fheabhas agus atá togra an Luas agus togra an Metro ag cruthú go hinmheánach (cruthú oibríochta) agus ar an tionchar a bheidh ag a leithéid de thograí ar an tslí ina mbainfear úsáid as iompar agus ar luachálacha réadmhaoine i mBaile Átha Cliath chomh maith. Díreofar monatóireacht agus taighde den sórt seo ar chur chun cinn na tuisceana atá ag an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród ar an tionchar atá ag scéimeanna dá leithéid d’fhonn feabhas a chur ar theicníochtaí measúnaithe agus tuartha amach anseo.
Feidhmíonn an Roinn Pleanála Iompair mar chraobh taighde na Gníomhairachta sa mhéid go ndéanann sí suirbhéanna (mar shampla) nó go dtiomsaíonn sí sonraí agus go ndéanann sí anailís ar na torthaí dá réir. Rachfar i mbun tuilleadh taighde de réir mar a bheidh gá leis.
Forbairt Beartais
Tá comhcheangal díreach idir taighde agus an réimse forbairt bheartais. San áireamh leis seo tá ábhair chomh héagsúil le: táillí, páirceáil agus taisteal, athshannachán spás bóthair; socrú an amchláir oibríochta; inrochtaineacht; forbairt; pleanáil gréasáin agus mar sin de.
Forbraítear beartas i gcomhar le ranna eile na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród agus i gcomhar leis an mBord.
Is í an Roinn Pleanála Iompair a dhéanann ionadaíocht ar an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród leis, ag fóraim um fhorbairt beartais straitéiseach ar nós Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath, an Plean Forbartha Náisiúnta, Treoirlíne Pleanála Réigiúnacha, Plean Forbartha Contae agus Pleananna Limistéir Áitiúil. Cuireann an grúpa ranna eile ar an eolas faoi fhorbairtí straitéiseacha agus forfheidhmíonn sé seasamh na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród agus an beartas á fhorbairt.
Comhtháthú agus Idirphlé
Tá tionchar ag an Roinn Pleanála Iompair ar an idirphlé le hoibreoirí iompair eile i ndáil le táillí, ticéadú, dearadh an gréasán seirbhíse agus i ndáil le suíomh fisiciúil agus leagan amach na n-áiseanna le haghaidh cómhalartaithe.
Ar an gcuma céanna déanann an Roinn Pleanála Iompair idirphlé leis na húdaráis rialála agus pleanála ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta araon i ndáil leis na ceisteanna seo agus, go deimhin, i ndáil leis an gcoincheap córais agus cumhdach an ghréasáin go ginearálta.