Forbhreathnú/Cur chuige
Ag céimeanna tosaigh tionscadail, is é an Rannóg um Pleanáil Iompair a bhíonn i gceannas air, agus a bhainistíonn luathghiniúint, indéantacht agus measúnú tionscadail.
A luaithe atá scóip tionscadail measta agus sainmhínithe lena fheidhmiú, glacann an Rannóg um Pleanáil Iompair ról tacaíochta uirthi féin, go príomha, maidir le feidhmeanna agus tionscadail eile. Mar chuid den ról sin, go ginearálta, áirítear réamh-mheas éilimh agus ioncaim, straitéis táillí agus ticéadaithe, úsáid talún agus tacaíocht phleanála, agus measúnú níos leithne ar thionscadail.
Is feidhm de chuid na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród é an Phleanáil Iompair ó bunaíodh sa bhliain 2001 é. Ó bunaíodh an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród, táthar ag tabhairt tacaíochta do phleanáil rathúil síntí nua ar an Luas, agus déantar faomhadh orthu, mar aon le tionscadail feabhsúcháin
Tá réimse leathan saineolais ag an Rannóg um Pleanáil Iompair, de chuid an RPA, faoi na seirbhísí a sholáthraíonn sé don RPA. Ní chuireann sé seo teorainn ar an bhfeidhm tacaíochta atá aige maidir le hobair mhúnlaithe agus measúnaithe amháin. Tacaíonn an Rannóg um Pleanáil Iompair leis na céimeanna ar fad a bhaineann le seachadadh tionscadail. Tugtar breac-chuntas orthu sin ar an leathanach faoin bPróiseas Pleanála Iompair.
Cliceáil anseo chun féachaint ar an leathanach faoin bPróiseas Pleanála Iompair de chuid na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród.