Ceisteanna Coitianta

CEISTEANNA COITIANTA FAOIN tSEANDÁLAÍOCHT

C. Cad is Seandálaíocht ann?
F. Is éard atá i gceist le seandálaíocht ná an staidéar a dhéantar ar chultúir ársa trí staidéar eolaíochta a dhéanamh ar ábhar na n-iarsmaí a fágadh ina ndiaidh, lena n-áirítear iarsmaí foirgnimh, uaigheanna, uirlisí agus déantúsáin eile.

Baineanna foirmeacha éagsúla le láithreáin agus le séadchomharthaí seandálaíochta. Cuimsíonn siad sin láithreáin atá ina seasamh .i. tuamaí, séipéil agus tobair - ar féidir linn cuairt a thabhairt orthu agus taitneamh a bhaint astu fós - mar aon le láithreáin aitheanta nach mbaineann gnéithe dromchla leo, a bhfuil eolas againn futhú mar gheall ar seanléarscáileanna nó aerfótagraif. Tá dearmad déanta le fada ar láithreáin eile, ar bhain gníomhaíochtaí daonna leo tráth, ach d’fhéadfadh go n-athaimseofaí iad le linn obair shuaite tógála.

C. Cén fáth a mbaineann tábhacht leis an tSeandálaíocht maidir le tionscadail Luas agus Metro an RPA?
F. Aithnímid go bhféadfadh iarmhairtí bheith ag forbairt na línte iarnróid éadroim agus metro ar láithreáin seandálaíochta nua agus láithreáin a bhí ann cheana. Aithnímid chomh maith go bhféadfadh go n-aimseofaí láithreáin seandálaíochta nua. Dá bhrí sin, táimid tiomanta a chinntiú go bhforbraítear ár gcuid tionscadal leis an iarmhairt ar an oidhreacht seandálaíochta a mhaolú.

 

C. An bhfuil Cód Cleachtas Seandálaíochta ag an RPA? 
F. Tá. Comhaontaíodh Cód Cleachtas Seandálaíochta leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (Eanáir 2007). Is féidir féachaint air nó é a íoslódáil anseo nó ar láithreán gréasáin na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (www.archaeology.ie). 

C. Cad is Cód Cleachtais ann?
F. Leagtar amach cur chuige comhpháirtíochta idir an RPA agus an tAire Comhshaoil sa Chód. Téann an RPA i gcomhairle le Rannóg na Séadchomharthaí Náisiúnta, de chuid na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, le linn gach céim tionscadail faoin tseandálaíocht. Freagraíonn an tAire do chomhairliúcháin go tráithiúil tríd an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta, comhaontaíonn sé straitéisí cuí chun séadchomharthaí nó láithreáin seandálaíochta a sheachtaint nó chun taifead a dhéanamh díobh.

C. Cén tslí a gcuireann an RPA an Cód Cleachtais i bhfeidhm?
Fostaíonn an RPA Seandálaí Tionscadail agus beirt Sheandálaithe Cúnta a bhfuil an ról acu maoirseacht a dhéanamh ar ghnéithe seandálaíochta na dtionscadal iarnróid éadroim agus metro.

C. Cathain a dhéantar machnamh ar Sheandálaíocht maidir le tionscadail Luas nó Metro an RPA?
F. Is baill den Fhoireann Deartha iad seandálaithe an RPA maidir le gach tionscadal Luas agus Metro. Cuireann siad leis an bpleanáil agus an dearadh iomlán ón tús. Bímid ag plé le Comhairligh Seandálaíochta neamhspleácha chomh maith chun Ráiteas Tionchair Timpeallachta (EIS) a ullmhú agus chun suirbhéanna agus imscrúduithe a chur i gcrích, nuair is cuí, le linn chéimeanna pleanála agus tógála an tionscadail.

C. Cén tairbhe a bhaintear as Beartais Seandálaíochta an RPA?
F. Cinntíonn beartas seandálaíochta an RPA go gcaomhnaítear láithreáin agus eolas seandálaíochta le gur féidir na glúinte amach anseo taitneamh a bhaint astu. Soláthraíonn torthaí iniúchtaí seandálaíochta léargas faoi leith ar stair agus ar fhorbairt phurláin Bhaile Átha Cliath, mar thoradh ar na méideanna móra eolais faoin tseandálaíocht a fhaightear ag iniúchtaí an RPA.

C. Cé a bhaineann tairbhe as Iniúchtaí Seandálaíochta an RPA?
F. Is féidir leis an bpobal, leis an bpobal áitiúil agus le páirtithe leasmhara eile foghlaim faoi fhionnachtana agus faoin méid a fhaigtear amach ónár gcuid scéimeanna. Déantar iad a fhoilsiú agus a scaipeadh ar láithreán gréasáin an RPA, bileoga eolais, bróisiúir, leabhair, taispeántais agus léachtaí.

Is féidir tuairiscí seandálaíochta a fheiceáil agus a íoslódáil ar an láithreán gréasáin seo nuair a chuirtear ar fáil iad. Is féidir teacht ar chóipeanna de na tuarascálacha seo tríd an bpost chomh maith.

Sa bhreis air sin, cuirtear fionnachtana suntasacha faoi bhráid foilsiúcháin reatha .i. Archaeology Ireland, foilsiúcháin Local History agus bunachar sonraí tochailtí atá ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ar líne(www.excavations.ie).

D’fhorbraigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Cartlann Seandálaíochta Chathair Bhaile Átha Cliath, an chéad chartlann dírithe ar an tseandálaíocht in Éirinn. Tá an chartlann lonnaithe ag Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath ag Sráid an Phiarsaigh, ar saoráid dhaingean é a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi. Faoi réir comhaontú leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, cuirfear sonraí cartlainne faoin tseandálaíocht ar fáil sa tsaoráid chartlainne seo sa todhchaí. Le tuilleadh eolais a fháil, cliceáil anseo le do thoil.

C. Cad iad na príomhchéimeanna a bhaineann le hiniúchtaí seandálaíochta tionscadal?
F

  • Suirbhéanna, ar cuid den phróiseas EIA agus EIS iad
  • Suirbhéanna agus iniúchtaí láithreáin le linn phróiseas an EIA sula ndéantar iarratas ar phleanáil, ina bhféadfadh suirbhéanna allamuigh, geoifisiceacha, seandálaíochta faoi uisce, aerfótagraf bheith san áireamh, mar aon le monatóireacht seandálaíochta ar iniúchtaí talaimh, agus tochailtí seandálaíochta spriocdhírithe chun iarsmaí seandálaíochta agus/nó méid na n-iarsmaí a chinntiú.
  • Iniúchtaí láithreáin a dhéantar i ndiaidh faomhadh a dhéanamh ar scéim,  agus le linn na céime tógála, a d’fhéadfadh go mbeadh suirbhéanna reachta, taifid ar oidhreacht tógtha, tochailtí tástála seandálaíochta agus monatóireacht seandálaíochta ar shuaitheadh talún san áireamh
  • Taifead a dhéanamh de láithreáin a aithnítear le linn measúnaithe láithreáin agus deisce, roimh agus le linn na céime tógála, a d’fhéadfadh suirbhéanna reachta, taifid ar oidhreacht tógtha agus tochailtí seandálaíochta bheith san áireamh
  • Torthaí suirbhéanna seandálaíochta agus iniúchtaí a fhoilisú agus a scaipeadh

C. Cé a fhostaíonn an RPA dá chuid oibreacha Seandálaíochta?
F. Bíonn seandálaithe an RPA ag gabháil dá gcuid iniúchtaí agus measúnuithe go hinmheánach. Nuair atá gá le foirne níos mó nó le sainsuirbhéanna, áfach, ceapann an RPA comhairligh seandálaíochta le hiniúchtaí láithreáin a dhéanamh agus le riachtanais tuairiscithe agus iarthochailte a chur i gcrích.

C. An dtéann an RPA i gcomhairle le Seandálaithe seachtracha?
F. Téann. Téann an RPA i gcomhairle le seandálaithe laistigh den Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus le hArd-Mhúsaem na hÉireann ar bhonn rialta.

Ceapann an RPA seandálaithe comhairleacha chun Measúnachtaí Tionchair Timpeallachta a dhéanamh mar aon leis na suirbhéanna éagsúla, measúnuithe agus tochailtí is gá le linn tionscadail.

Fotha Gréasáin Podchraoladh

Nuacht

Luas Docklands Commons Street Traffic Notification

26 March 2009

Luas Docklands (Line C1) Commons Street Traffic Notification   Á Thógáil Click here for more information on Luas Docklands (Line C1) Click here to view or dow...

...léigh leat

Nuacht 2

30 June 2008

Á Thógáil ...

...léigh leat

Nuacht

10 March 2008

Á Thógáil ...

...léigh leat

Cuardaigh an Chartlann Nuachta

Comhairlacháin Phoiblí

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta faoi Chomhairliúchán Poiblí C. Cad is Comhairliúchán Poiblí ann? F. Is éard atá i gceist le comhairliúchán poiblí...

...léigh leat

Forbhreathnú

Forbhreathnú ar/Cur chuige i leith Chomhairliúchán Poiblí an RPA Féachann an RPA le teagmháil a dhéanamh leis an bpobal agus le daoine aonair go díreach...

...léigh leat

An tslí ar féidir dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród le linn Comhairliúchán Poiblí

An tslí ar féidir dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród le linn Comhairliúchán Poiblí Laethanta Oscailte Reáchtá...

...léigh leat

Public Consultation Archive

This section lists all the past Public Consultation initiatives by RPA relating to our projects. Open Days Luas Line B2 Public Consultation Day St. Anne's Resource Centre, Shankill, Co. ...

...léigh leat

Public Consultation Initiatives

Public Consultation initiatives are when associations, communities, businesses organisations and the general public are invited to formally submit their views and opinions on a RPA project i...

...léigh leat