Forbhreathnú
“Archaeology is the study of past societies through an examination of the material remains left by those societies and the evidence of their environment. It investigates their houses, settlements and tombs and everyday implements. It seeks to understand the landscape, vegetation and climate of previous times as they affected, and were affected by, past peoples.” (an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta, an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil: www.archaeology.ie"
De bhrí gur ceantair shocruithe leis na mílte bliain iad na ceantair ar a bhfreastalóidh ár dtionscadail iarnróid éadroim agus metro, is é is dóichí go n-aithneofar séadchomharthaí agus suíomhanna seandálaíochta le linn na pleanála tionscadal, agus de réir mar a thiocfaidh méadú ar fheidhmiú. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh go mbainfeadh impleachtaí seandálaíochta le gréasán iompair dá leithéid a fhorbairt.
Tá an RPA tiomanta iarmhairtí na dtionscadal iarnróid éadroim agus metro ar an oidhreacht seandálaíochta a mhaolú. Mar aitheantas air seo, rinne an RPA Cód Cleachtais a chomhaontú leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreacha agus Rialtais Áitiúil i mí Eanáir 2007. Leagtar amach sa chód seo creat i dtéarmaí leithne, atá de réir na reachtaíochta agus beartas náisiúnta reatha. Cuireann sé sin ar chumas an RPA a chlár oibreacha a chur chun cinn agus an maolú cuí seandálaíochta á dhéanamh.
Leagtar amach sa chód cur chuige comhpháirtíochta idir an RPA agus an tAire Comhshaoil. Ó thaobh cúrsaí seandálaíochta de, téann an RPA i gcomhairle le Rannóg na Séadchomharthaí Náisiúnta, an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, le linn gach céim tionscadail. Freagraíonn an tAire ar chomhliúcháin go tráithiúil, tríd an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta. Comhaontaíonn sé straitéisí cuí chun séadchomharthaí nó láithreáin seandálaíochta a sheachtaint, nó chun taifead a dhéanamh díobh.
Le linn gach céim forbartha tionscadail, déantar machnamh iomlán ar chúrsaí seandálaíochta, ón roghú bealaigh go dtí an chéim tógála. Chuige seo, tá triúr seandálaithe fostaithe go díreach ag an RPA a bhfuil ról acu san eagraíocht comhairle a thabhairt i dtaobh cúrsaí seandálaíochta, maoirseacht a dhéanamh ar ghnéithe seandálaíochta tionscadail agus iad a bhainistiú. Cinntíonn sé seo go bhforbraítear straitéisí cuí chun na hiarmhairtí díreacha ar an tseandálaíocht a mhaolú. Cuirtear dearadh iarnróid éadroim agus metro san áireamh, mar aon le himpleachtaí sábháilteachta agus comhshaoil, iarmhairtí eile agus costais.
Cliceáil anseo chun Cód Cleachtais an RPA faoin tSeandálaíocht 2007 a fheiceáil nó a íoslódáil i mBéarla.
Cliceáil anseo chun Cód Cleachtais an RPA faoin tSeandálaíocht 2007 a fheiceáil nó a íoslódáil as Gaeilge.