Seandálaíocht

Iniúchtaí Seandálaíochta  

18th_Century_Gilded_Copper_Alloy_Buckle 

 

Ag céimanna tosaigh pleanála thionscadal an RPA, dirítear ar láithreáin aitheanta agus ar cheantair a mbaineann acmhainn seandálaíochta leo a aithint, le linn an iniúchta seandalaíochta, chun eolas a fháil i dtaobh an bhealaigh chuí a roghnófar.

I ndiaidh an bealach a roghnú agus i ndiaidh an phróisis innealtóireachta agus deartha seandálaíochta, déantar níos mó staidéar deisce air, agus téitear ar shiúlóidí allamuigh ar an mbealach roghnaithe. Is obair ullmhúcháin é seo don rannán seandálaíochta atá mar chuid den Ráiteas Tionchair Timpeallachta. Le linn an phróisis seo, d'fhéadfadh go ndéanfaí iniúchtaí seandálaíochta trí theicnící ar nós suirbhéanna geofisiceacha, suirbhéanna faoi uisce agus tástálacha tochailte. Úsáidfear torthaí na n-iniúchtaí sin don Ráiteas Tionchair Timpeallachta ó thaobh acmhainn seandálaíochta an bhealaigh de, agus na bearta nach mór a chur i bhfeidhm chun an iarmhairt a bheidh aige ar an tseandálaíocht a mhaolú.

Nuair atá scéim ceadaithe, agus le linn na céime tógála, cuirtear gach beart i bhfeidhm chun na hiarmhairtí ar an tseandálaíocht a fheabhsú, mar a leagtar amach sa Ráiteas Tionchair Timpeallachta iad. D’fhéadfadh go mbeadh gá le suirbhéanna reachta, le taifead a dhéanamh de láithreáin seandálaíochta atá ina seasamh, agus le measúnuithe breise seandálaíochta a dhéanamh (.i. suirbhéanna geofisiceacha, tástálacha tochailte), nuair nach raibh sé indéanta iad a dhéanamh roimhe sin. I ndiaidh an staidéir allamuigh, cuirtear tuairisc le chéile le torthaí an mheasúnaithe.

I gceantair uirbeacha, ní minic is féidir an tástáil a dhéanamh roimh an bpríomhchéim tógálá forbartha, mar gheall ar an méid a chuireann sé isteach ar chúrsaí tráchta agus ar an bpobal. Mar thoradh air sin, déantar monatóireacht seandálaíochta ar oibreacha suaite talún chun seandálaíocht a aithint agus a chosaint.

Déantar láithreán ar bith, a aithnítear trí iniúchtaí agus trí mhonatóireacht, nach féidir a chaomhnú, a thochailt. Chomh maith leis sin, déantar taifead díobh sula dtosaítear ar oibreacha tógála. Is éard atá i gceist leis an tochailt seandálaíochta ná an bharrithir nó na sraitheanna uachtair a bhaint, atá os cionn na n-iarsmaí seandálaíochta. Baintear gach sraith seandálaíochta ina dhiaidh sin, san ord droim ar ais a leagadh ar dtús iad. Déantar taifead de gach céim, ag an láithreán, i scríbhinn, trí fhótagrafaíocht, sampláil agus líníochtaí a bhaineann le heangach suirbhéanna láithreáin.

Recording_an_archaeological_site_Laughanstown_Luas_Cherrywood

Nuair a chríochnaítear na hoibreacha láithreáin, cuirtear tús leis an staidéar agus leis an anailís ar na taifid agus na fionnachtana a fuarthas ag an láithreán. Tugtar “an chéim iarthochailte” ar an gcéim seo atá ina cuid lárnach den phróiseas. Cinntíonn sé go ndéantar taifead iomlán den láithreán do na glúinte amach anseo. Cuirtear tuairisc le chéile ar dtús ina bhfuil torthaí na tochailte.

Ina dhiaidh sin, cuirtear torthaí an mhionstaidéir agus na hainilíse, mar aon le fótaghraif agus liníochtaí, le chéile mar thuarascáil iomlán deiridh faoin láithreán.

Is é foireann seandálaíochta an RPA, nó comhairligh seandálaíochta a oibríonn ar son an RPA, a dhéanann na suirbhéanna agus na hiniúchtaí a leagtar amach thuas. Más maith leat léamh faoi fhionnachtana áirithe an RPA, cliceáil ar an nasc áirithe faoi na tionscadail thíos, le do thoil, chun achoimre ar na hiniúchtaí seandálaíochta, idir iniúchtaí críochnaithe, reatha agus roghnaithe, a léamh. Is féidir cóipeanna de na tuarascálacha proifisiúnta a fháil le féachaint orthu, nó is féidir iad a íoslódáil ar gach leathanach tionscadail.

Luas na Líne Deirge (Líne A) agus Luas na Líne Glaise (Líne B)
Luas Iarthar na Cathrach (Líne A1)
Luas Choill na Silíní (Líne B1)
Luas Bhré / an Fhásaigh Rua (Líne B2)
Luas Chlós Dhroichead Broome (Line BXD)
Luas na Líne Deirge - Síneadh na nDugthailte (Line C1)
Luas Leamhcáin (Líne F1)
Metro North
Metro an Iarthair

Fotha Gréasáin Podchraoladh

Nuacht

Luas Docklands Commons Street Traffic Notification

26 March 2009

Luas Docklands (Line C1) Commons Street Traffic Notification   Á Thógáil Click here for more information on Luas Docklands (Line C1) Click here to view or dow...

...léigh leat

Nuacht 2

30 June 2008

Á Thógáil ...

...léigh leat

Nuacht

10 March 2008

Á Thógáil ...

...léigh leat

Cuardaigh an Chartlann Nuachta

Comhairlacháin Phoiblí

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta faoi Chomhairliúchán Poiblí C. Cad is Comhairliúchán Poiblí ann? F. Is éard atá i gceist le comhairliúchán poiblí...

...léigh leat

Forbhreathnú

Forbhreathnú ar/Cur chuige i leith Chomhairliúchán Poiblí an RPA Féachann an RPA le teagmháil a dhéanamh leis an bpobal agus le daoine aonair go díreach...

...léigh leat

An tslí ar féidir dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród le linn Comhairliúchán Poiblí

An tslí ar féidir dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród le linn Comhairliúchán Poiblí Laethanta Oscailte Reáchtá...

...léigh leat

Public Consultation Archive

This section lists all the past Public Consultation initiatives by RPA relating to our projects. Open Days Luas Line B2 Public Consultation Day St. Anne's Resource Centre, Shankill, Co. ...

...léigh leat

Public Consultation Initiatives

Public Consultation initiatives are when associations, communities, businesses organisations and the general public are invited to formally submit their views and opinions on a RPA project i...

...léigh leat