Beartas Sábháilteachta agus Sláinte na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród 2011
Aithnonn an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród go bhfuil mar dhualgas uirthi an tAcht Sábháilteachta Iarnróid 2005; na Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Foirgníocht) 2006, an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair agus reachtaíocht a ghabhann leo a chomhlíonadh. Tá mar shainordú againn bonneagar Metro agus iarnróid éadroim a sholáthar agus a chothabháil go díreach agus i gcomhpháirtíocht le haonáin phoiblí agus príobháideacha eile. Tá rún daingean againn an sainordú seo a chomhlíonadh de réir dea-chleachtais i ndáil le sláinte agus sábháilteacht.
Cuirfidh an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród acmhainní leordhóthaineacha ar fáil sa mhéid agus ar féidir é le réasún, chun na coinníollacha a chothú a chosnaíonn sábháilteacht agus sláinte ár bhfoirne, ár gconarthóirí, ár gcomhairleoirí a oibríonn san áit chéanna linn agus ball ar bith den bpobal a n-imríonn ár gcuid gníomhaíochtaí tionchar orthu. Cothóimid cultúr na sábháilteachta, na sláinte agus an leasa i gcónaí i dtaobh ár bhfoirne, ár gconarthóirí, ár gcomhairleoirí agus ball den bpobal agus déanfaimid monatóireacht agus tuairisciú ar a fheabhas a chruthaímid i gcomparáid le táscairí sábháilteachta ábhartha. Déanfaimid athbhreithniú go rialta ar ár gcóras bainistithe sábháilteachta agus cuirfimid athruithe i bhfeidhm de réir mar is cuí chun a chinntiú go gcuirfear feabhas ar phróisis sábháilteachta de shíor. Cuirfear ár bhfostaithe agus gach páirtí a dtéann na hathruithe seo i bhfeidhm orthu ar an eolas faoi pé athrú a dhéanfar.
Tabhfairmid an sort sin eolais, oiliúna agus maoirseachta dár bhfostaithe a bhfuil gá leis chun a chinntiú go mbeidh siad slán sábháilte agus iad i mbun oibre agus go mbeidh daoine eile a bhféadfadh gníomhartha ár bhfostaithe tionchar a imirt orthu slán sábháilte chomh maith. Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil fostaithe aonair agus comhairleoirí aonair atá san áit chéanna linn freagrach as a sábháilteacht phearsanta féin agus as sábháilteacht daoine eile sa mhéid agus go bhfuil orthu a gcuid oibre a dhéanamh go freagrach agus ar shlí shábháilte. Ní mór d’fhostaithe agus do chomhairleoirí na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród dualgas dlíthiúil ar bith a chomhlíonadh a éilíonn an dlí d’fhonn an beartas seo a chur chun cinn agus d’fhonn a chinntiú go gcomhlíonfaidh an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród a dualgais dlí. Coinneoidh an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród nósanna imeachta cumarsáide agus comhairleoireachta idir gach aicme den bhfoireann i dtaobh cúrsaí sábháilteachta, sláinte agus leasa.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród socruithe sábháilte chun uirlisí, earraí agus substaintí a úsáid, a stóráil agus a iompar a chuirtear ar fáil le haghaidh úsáide ag an obair. Iarrtar ar an bhfoireann úsáid a bhaint as an trealamh cosanta pearsanta cuí a chuirtear ar fáil le haghaidh oibreacha sonracha. Ní mór d’fhostaithe agus do chonarthóirí a chinntiú go gcoinnítear gach innealra agus gach trealamh i riocht maith agus gan cur isteach ar aon ní a chuirtear ar fáil ar mhaithe le sábháilteacht, gan mí-úsáid a bhaint as agus gan damáiste a dhéanamh dó.
Leanfaidh an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród uirthi ag obair as láimh a chéile le Veolia agus lena fho-chonarthóirí cothabhála chun a chinntiú go gcoinneofar an leibhéal ard feidhmíochta i gcúrsaí sábháilteachta atá bainte amach in oibriú Líne Dhearg agus Líne Ghlas an Luas cheana féin nó go gcuirfear feabhas uirthi. Áirítear leis seo go n-oibrítear as láimh a chéile leis an nGárda Síochána agus le gairmithe slándála chun aghaidh a thabhairt ar fadhbanna a thagann de thoradh ar iompar frith-shóisialta ar thramanna agus ag stadanna.
Déanfar athbhreithniú ar an mBeartas Sábháilteachta agus Sláinte seo go bliantúil agus leasófar é de réir mar is gá.