Cad is soláthar an RPA ann?
Is éard atá i gceist le soláthar poiblí ná na conarthaí a bhronntar maidir le soláthairtí, seirbhísi agus oibreacha thar ceann na núdarás agus gnóthas poiblí.
Ceanglaítear ar chomhlachais chonarthacha (Comhlachtaí Rialtais), a dhéanann na conarthaí sin a dhámhachtain, rialacha áirithe nóis imeachta a chomhlíonadh agus conarthaí á gcur amach ar thairiscint acu. Bíonn feidhm ag na rialacha nóis imeachta seo maidir le conarthaí atá níos mó ná na luachanna tairsí a leagtar amach. Ach baineann na prionsabail le gach dámhachtain conartha.
Tá treoracha iomlána faoin reachtaíocht ábhartha náisiúnta agus reachtaíocht an AE, a rialaíonn Soláthar Poiblí, ar fáil ag http://www.e-tenders.gov.ie
Is gníomhaireacht stáit é an RPA a bunaíodh i mí na Nollag 2001 faoin Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001. Tá an RPA freagrach as a chinntiú go soláthraítear bonneagar iarnróid éadroim agus metro mar aon le seirbhísí paisinéirí ar ardchaighdeán.
Tá dhá Líne de chuid an Luas curtha i gcrích go rathúil ag an RPA. Tá dhá shíneadh á dtógáil agus táthar ag tosú ar an tríú ceann faoi láthair.Tá pleananna i bhfeidhm i gcomhair ceithre Líne eile de chuid an Luas agus dhá Líne Metro. Is é an RPA atá chun tosaigh freisin maidir le Córas Ticéadaithe Chomhtháite a fhorbairt d’iompar poiblí in Éirinn.
Baineann soláthar an RPA le conarthaí, a dhéantar a dhámhachtain, maidir le soláthairtí, seirbhísí agus oibreacha a theastaíonn chun tionscadail an RPA a fhorbairt agus a sheachadadh.
Má tá aon cheist agat maidir le Soláthar RPA, Déan Teagmháil Linn.
Cliceáil anseo chun féachaint ar Cad is Soláthar RPA?
Cliceáil anseo chun féachaint ar Conas a Oibríonn Soláthar RPA?
Cliceáil anseo chun féachaint ar Cineálacha Soláthar RPA
Cliceáil anseo chun féachaint ar Critéar Sholáthar RPA
Cliceáil anseo chun féachaint ar Tairiscintí RPA
Cliceáil anseo chun féachaint ar Dámhachtainí Conarthaí RPA