Conradh a Dhámhachtain
Scrúdóidh foireann measunaithe gach tairiscint a chuirtear isteach, agus ina dhiaidh sin, d’fhéadfadh idirbheartaíocht a bheith i gceist. Déanfaidh RPA idirbheartaíocht agus cuirfear críoch le tairiscint amháin ar bhonn sprice leis na téarmaí is mó tairbhe go heacnamaíoch
A luaithe agus a dhámhtar an conradh, cuirfear na forthairgeoirí rathúla agus neamhrathúla ar an eolas. Féadfaidh forthairgeoirí neamhrathúla aiseolais a fháil ach iarratas i scríbhinn a chur chuig RPA.
Cuirfear fógra faoi dhámhachtain in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (más infheidhme) laistigh de 48 lá tar éis an conradh a dhámhachtain.
Tairseacha Ábhartha an AE
Mar atá inste againn cheana, a luaithe agus a bhaintear amach an tairseach airgeadais ábhartha, beidh an próiseas tairisceana faoi réir na rialacha um nós imeachta den reachtaíocht Eorpach.
Clúdaíonn Treoracha an AE conarthaí le haghaidh
- Oibreacha – conarthaí maidir le foirgnimh agus innealtóireacht shibhialta
- Soláthair – earraí agus soláthair a cheannach
- Seirbhísí – gach seirbhís is mó soláthair, lena n-áirítear fógraíocht, bainistiú réadmhaoine, glanadh, sainchomhairleacht bhainistíochta, seirbhísí airgeadais agus ICT ábhartha, (Féach Iarscríbhinn IIA agus Iarscríbhinn IIB de Threoracha na hearnála poiblí athbhreithnithe).
Faoi threoir 2004/17/AE, is iad seo a leanas tairseacha ábhartha an AE atá infheidhme ar chonarthaí RPA;
- Soláthairtí- €412,000.
- Seirbhísí- €412,000.
- Oibreacha- €5,150,000
Fógraítear conarthaí a bhfuil luach féideartha acu níos airde ná na tairseacha i suíomh gréasáin iomchuí Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh http://ted.europa.eu/ agus is féidir na fógraí sin a chur sna nuachtáin náisiúnta agus áitiúla.
Conarthaí Íosluacha
Maidir le conarthaí nó ceannacháin faoi íosluacha conarthaí an AE agus nach bhfuil baint acu le conradh ‘tarraingthe anuas’ nó conradh creata, d’fhéadfadh nósanna nach bhfuil chomh foirmeálta a bheith i gceist. Mar shampla:
- D’fhéadfaí Soláthairtí nó Seirbhísí níos lú ná €5,000 i luach a cheannach de bhéal ó sholáthraí nó soláthraithe iomaíocha;
- D’fhéadfaí conarthaí Soláthairtí nó Seirbhísí idir €5,000 agus suas go dtí €50,000 i luach a dhámhachtain mar fhreagra ar shonraíochtaí a seoladh ar facs nó ar ríomhphost chuig trí sholáthraí nó trí sholáthraí seirbhíse ar a laghad.
- Maidir le conarthaí atá níos mó ná €50,000 ach níos lú ná na tairseacha AE ní gá go mbeadh na ceanglais chomh dian ach leanfaidh siad an pátrún céanna agus iad siúd os cionn an tairseach AE. Is iondúil go bhfógrófar na conarthaí sin ar shuíomh gréasáin soláthair na Roinne Airgeadais http://www.e-tenders.gov.ie
Má tá aon cheist agat maidir le Soláthar RPA, Déan Teagmháil Linn.
Cliceáil anseo chun féachaint ar Cad is Soláthar RPA?
Cliceáil anseo chun féachaint ar Conas a Oibríonn Soláthar RPA?
Cliceáil anseo chun féachaint ar Cineálacha Soláthar RPA
Cliceáil anseo chun féachaint ar Critéar Sholáthar RPA
Cliceáil anseo chun féachaint ar Tairiscintí RPA
Cliceáil anseo chun féachaint ar Dámhachtainí Conarthaí RPA