Conas a oibríonn Soláthar de chuid na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród?
Na prionsabail a ghabhann le ceannach san Earnáil Phoiblí
I gConradh an Chomhphobail Eorpaigh clúdaítear na conarthaí soláthair go léir a bhaineann leis an earnáil phoiblí san Aontas Eorpach, gan aird ar a luach. Tá ceithre bhunphrionsabal bunaithe ag an gConradh faoina rialaítear soláthar poiblí, mar seo a leanas:
Cóireáil Chothrom
Éilíonn prionsabal na Cóireála Cothroime go gcaitear chomh cothrom, cóir agus is féidir le gach soláthraí le linn gach céime den nós imeachta a bhaineann le bronnadh conartha. Ciallaíonn sé seo nach mór a bheith mionchúiseach ó thaobh cothroime de nuair a bhíonn na hiarrthóirí a chuirfidh tairiscint isteach á roghnú, nuair a fhaightear na tairiscintí agus maidir leis an tslí ina gcaitear leis na tairiscintí. Shárófaí cóireáil chothrom dá ndéanfaí leithcheal i gcoinne soláthraí de bharr suímh nó de bharr náisiúntachta nó mar thoradh ar chlaontacht d’aon sórt eile.
Trédhearcacht
Éilíonn prionsabal na Trédhearcachta go mbíonn faisnéis ar chonarthaí atá le foilsiú agus ar na rialacha a bheidh i bhfeidhm ar fáil go héasca do gach iarrthóir ar suim leis tairiscint a chur isteach. Chun an prionsabal seo a chomhlíonadh ní mór iarrthóirí a chur ar an eolas faoi na rialacha a chuirfear i bhfeidhm nuair a bhíonn a n-iarratais ar an liosta tairisceana á meas agus faoi na critéir a úsáidfear agus measúnú a dhéanamh ar na tairiscintí. Murach an fhaisnéis seo níorbh fhéidir próiseas tairiscneana iomaíoch a chur i gcrích i gceart. Dhéanfaí an trédhearcacht a shárú dá mbronnfaí conradh gan ach poiblíocht theoranta nó gan aon phoiblíocht in aon chor a bheith déanta. Chomh maith leis sin shárófaí an trédhearcacht mura mbeadh na critéir bhronnta curtha ar fáil do na tairgeoirí.
Comhréireacht
Éilíonn prionsabal na Comhréireachta go mbaineann na nithe atá á lorg ó sholáthraithe leis an gconradh atá á bhronnadh agus go bhfuil baint dhíreach acu leis. Mar shampla, ba chóir go mbeadh soláthraithe sásta faisnéis a chur ar fáil faoina gcuideachtaí agus faoina gcuid táirgí má bhíonn gá lena leithéid d’fhaisnéis ar maithe le cinntí ó thaobh cúrsaí tráchtála de atá le glacadh ag na ceannaitheoirí. Shárófaí an chomhréireacht dá leagfaí an iomarca coinníollacha ar sholáthraithe ionchasacha. Is é sampla a léiríonn é seo go maith ná dá seasfadh ceannaitheoir air go bhfuil láimhdeachas íosta € 10 milliún ag soláthraithe má bhíonn conradh dar luach € 100,000 á bhronnadh aige.
Aitheantas Frithpháirteach
Éilíonn prionsabal an Aitheantais Fhrithpháirtigh gur chóir go dtabharfaí aitheantas cothrom ar na caighdeáin, ar na sonraíochtaí agus ar na cáilíochtaí a úsáidtear ar fud an AE, ar choinníoll go bhfuil na táirgí nó na seirbhísí oiriúnach don gnó dá bhfuil siad beartaithe. Shárófaí an prionsabal seo dá mba rud é go raibh táirge oiriúnach don gnó atá sonraithe agus gur chomhlíon sé na caighdeáin ábhartha i dtír an tsoláthraí ach gur dícháilíodh é toisc nach raibh ar chumas an tsoláthraí a thaispeáint go gcomhlíonann sé an caighdeán sonrach atá luaite sa nglaoch ar thairiscintí.
Dá bhrí sin tá de cheart ag soláthraithe, soláthraithe seirbhíse agus ag conraitheoirí oibreacha cothrom na Féinne agus cóireáil chothrom a fháil ó na comhlachtaí conarthachta. Ar an taobh eile tá de cheart ag na comhlachtaí conarthachta áfach, luach a n-airgid a fháil tríd na tairiscintí is saoire nó, de mhalairt air seo, na tairiscintí bailí a bhfuil an buntáiste eacnamaíoch is mó acu, a roghnú.
Má tá aon cheist agat maidir le Soláthar RPA, Déan Teagmháil Linn.
Cliceáil anseo chun féachaint ar Cad is Soláthar RPA?
Cliceáil anseo chun féachaint ar Conas a Oibríonn Soláthar RPA?
Cliceáil anseo chun féachaint ar Cineálacha Soláthar RPA
Cliceáil anseo chun féachaint ar Critéar Sholáthar RPA
Cliceáil anseo chun féachaint ar Tairiscintí RPA
Cliceáil anseo chun féachaint ar Dámhachtainí Conarthaí RPA