Chun cead tógála agus oibrithe don Luas Bhré agus An Fásach Rua (Líne B2) a fháil cuirfidh an RPA Iarratas isteach ar Ordú Iarnróid chuig an mBord Pleanála. D'fhéadfadh go ndéanfar éisteacht ó bhéal ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Bord Pleanála cinneadh cé acu, an ndeonóidh nó nach ndeonóidh sé an tOrdú Iarnróid don RPA agus d'fhéadfadh go bhforchuirfidh sé coinníollacha áirithe.
Nuair a bheidh an tOrdú Iarnróid arna dheonú beidh an obair tógála agus gach obair a bhaineann léi a dhéantar ar an Luas Bhré agus An Fásach Rua (Líne B2) ag teacht leis na pleananna deireanacha faofa atá san Ordú sin. Pleananna is ea iad a bhí ina ábhar pleanála agus comhairlithe ar feadh roinnt blianta.
Tabharfaidh an RPA cuireadh do chonraitheoirí ionchasacha an líne a thógáil agus bronnfaidh na conarthaí riachtanacha maidir le soláthairtí, seirbhísí agus oibreacha.