I ndiaidh dúinn an rogha bealaí is fearr ar an iomlán a dhéanamh ar bhonn roinnt critéar ina n-áirítear comhairliúchán poiblí, tá an RPA ag díriú ar dhearadh níos mionsonraithe sa chéim seo. Ina measc seo áirítear go n-aithneofar suíomh cruinn na rianta iarnróid, na n-ardán, na socruithe rochtana, droichead, fallaí, fó-stáisiún soláthar cumhachta agus struchtúr nach iad. Leis na sonraí anseo thíos déantar cur-síos ar shuíomhanna na stadanna atá beartaithe i láthair na huaire, faoi réir athraithe de réir mar a déantar dul chun cinn ar dhearadh na líne. D'fhéadfadh go ndéanfaí ainmneacha stadanna a athrú, chomh maith, agus fáiltímid roimh thuairimí ina thaobh seo.
Foilsíodh dréacht-tuarascáil scóip chríochnaitheach an Ráiteas Tionchar Comhshaoil maidir le Líne Luas B2 idir Bré agus An Fásach Rua. Cliceáil anseo chun féachaint ar dhréacht-tuarascáil scóip an Ráiteas Tionchar Comhshaoil maidir le Líne Luas B2 idir Bré agus An Fásach Rua ó Bealtaine 2009 nó chun í a íoslódáil.
Cúirt Cholm Cille (Stad a d'fhéadfaí a thógáil)
Táthar ag cuimhneamh ar stad a thógáil ag Cúirt Cholm Cille, b'fhéidir, i ngiorracht do na páirceanna imeartha, ar an taobh thiar d'Óspidéal Naomh Cholm Cille (Baile Uí Lachnáin). Ní thógfar an stad seo ach amháin má thagann forbairt shuntasach ar an limistéar máguaird agus más féidir rochtain chuí a chur ar fáil ar an stad.
Droichead na gCloch
Is stad é Droichead na gCloch, ar an taobh theas de Bhóthar Dhroichead na gCloch i Seanchill, cóngarach do mhótarbhealach an M11 ar an taobh thoir in aice le scéim tithíochta an údaráis áitiúil.
Gleann Chruincín
Tá stad Ghleann Chruincín suite lastuaidh de Lána Chruincín cóngarach do mhótarbhlealach an M11 ar an taobh thoir de. Moltar go mbeidh teacht air ó Lána Chruincín agus ó Ghleann Chruincín.
Wilford (Stad a d'fhéadfaí a thógáil)
Táthar ag cuimhneamh ar stad a thógáil ag Wilford go comhthreomhar le mótarbhealach an M11 in aice le Bóthar Abhann Alley. Ní thógfar an stad seo ach amháin má thagann forbairt shuntasach ar an limistéar máguaird agus más féidir rochtain chuí a chur ar fáil ar an stad.
Seanchonach
Tá stad Sheanchonaigh lastuaidh d'Ascaill Sheanchonaigh agus ar an taobh thiar de mhóracomhal Wilford. Is é seo an cumar don dá chraobh den líne agus an áit ina bhfaigheann paisinéirí traein eile agus iad ag taisteal ó chraobh amháin chuig craobh eile.
Thornhill
Tá stad Thornhill lastoir de Bhóthar Thornhill beagáinín lastuaidh de Scoil Ghearóid Naofa.
An Fásach Rua
Tá stad An Fhásaigh Rua lastuaidh de Lána Ghort na Sméar agus sníomhfar isteach sa bhforbairt nua é a dhéanfar ar an limistéar. Beidh áis mhór pháirceála agus taistil faoi thalamh ag an stad seo.
Mainistir Chorcaí
Tá stad Mhainistir Chorcaí os comhair láithreán Ollionad an Abhrais Thionsclaíoch ar thaobh thoir Bhóthar Bhaile Átha Cliath i mBré.
Ravenswell
Tá stad Ravenswell cóngarach don bhforbairt Lár Bhaile beartaithe ar láthair Chumann Gailf Bhré a bhí ann roimhe seo.
Stáisiún Uí Dhálaigh Bhré
Tá stad Stáisiún Uí Dhálaigh Bhré lastuaidh de Bhóthar Bhaile Uí Chuinn i gcarrchlós an stáisiúin atá ann faoi láthair.