Luas Bhré / An Fhásaigh Rua

Phase 2: Roghnú Bealaigh

Bhí freagraí ón gcomhairliúchán poiblí ar cheann de na fachtóirí a cuireadh san áireamh agus an bhealach is fearr ar an iomlán á roghnú againn. Ar na nithe eile a cuireadh san áireamh áiríodh an timpeallacht, cúrsaí eacnamaíochta, sábháilteacht, lánpháirtiú agus inrochtaineacht.

I mí Mheán Fómhair 2007 roghnaíodh an Bhealach Is Fearr a bhí ag teacht chun cinn. Leanann an bhealach seo seanlíne iarnróid Shráid Fhearchair trasna tarbhealach na háirse saoirseachta atá ann lenár linn féin, thar Bhóthar Choill na Silíní agus leanann ar aghaidh chuig an M11. Trasnaítear an M11 ar droichead. Leanann an líne léi ó dheas go comhthreomhar le mótarbhealach an M11 ar an taobh thoir de timpeall ar Sheanchill.  Ina dhiaidh sin téann trasna air go dtí an taobh thiar de ar dhroichead eile lastuaidh de mhóracomhal Wilford.  Déantar dhá chraobh di ansin agus leanann ceann amháin ar aghaidh ó dheas go dtí an Fásach Rua agus leanann an ceann eile taobh le hAscaill Sheanchonaigh  trasna Bóthar Bhaile Átha Cliath trí láithreán beartaithe Lár an Bhaile agus críochnaíonn ag Stáisiún DART Uí Dhálaigh i mBré.

Tá an líne bheartaithe timpeall naoi gciliméadar ar fhaid agus tá stadanna beartaithe ag Droichead na gCloch, ag Gleann Chruincín, Seanchonach, Thornhill, An Fásach Rua (áiseanna páirceála agus taistil anseo), ag Mainistir Chorcaí, Ravenswell agus stáisiún DART Bhré. Táthar ag cuimhneamh ar stadanna a dhéanamh, leis, ag Cúirt Cholm Cille, agus Wilford ag brath ar fhorbairt agus fheabhsuithe ar rochtain sa limistéar máguaird.

Céimeanna ina dhiaidh seo

Tá an tréimhse seo d'fhorbairt na Líne Luas B2, is é sin, an líne idir Bré agus An Fásach Rua, críochnaithe anois; cliceáil anseo chun féachaint ar chéim reatha an togra seo.


To find out more about a particular phase or to view published information for this line, please click on one of the phases below. Sainaithnigh Roghnaithe an BhealaighRoghnú BealaighDearadh Líne agus Stad

Faisnéis Foilsithe

Athshórtáil na Doiciméid :
Fotha Gréasáin Podchraoladh

Nuacht

Nuacht 2

30 June 2008

Á Thógáil ...

...léigh leat

Nuacht

08 February 2008

Á Thógáil ...

...léigh leat

Nuacht Líne F

03 February 2008

Á Thógáil ...

...léigh leat

Cuardaigh an Chartlann Nuachta