I ndiaidh staidéir a dhéanamh roimh ré i mí Lúnasa 2006 chuir an RPA tús le comhairliúchán poiblí maidir le roghanna bealaí i gcomhair Luas Bhré agus An Fásach Rua (Líne B2). Thug an RPA breac-chuntas ar na critéir a úsáidtear agus an rogha is fearr ar an iomlán á dhéanamh i gcomhair Luas Bhré agus An Fásach Rua (Líne B2).
Le linn na tréimhse tosaigh seo den chomhairliúcháin phoiblí d'úsáid an RPA meascán d'fhógraíocht chlóbhuailte agus fhógraíocht ar an raidió, scaipeadh nuachtlitreach, de chumarsáid ar shuíomh idirlín agus laethanta oscailte don bpobal. Bhí sé seo ceaptha chun baill den phobal a spreagadh agus éascaíocht a dhéanamh dóibh chun go gcuirfidís a gcuid tuairimí i dtaobh roghanna bealaí a d'fhéadfaí a dhéanamh in iúl dúinn.
Tréimhsí ina dhiaidh seo
Tá an tréimhse seo d'fhorbairt na Líne Luas B2, is é sin, an líne idir Bré agus An Fásach Rua, críochnaithe anois; cliceáil anseo chun féachaint ar chéim reatha an togra seo.