Sa chéim seo cuirfidh conraitheoirí agus fo-chonraitheoirí an RPA tús le tógáil na líne faofa iarnróid éadroim go fisiciúil.
Céim 1: Atreorú Fóntas
Sa chéad chéim den obair tógála déantar na fóntais a atreorú; ciallaíonn sé seo go mbogtar píobáin agus cáblaí chuig an áit ina mbeidh iarnród an Luas.
Céim 2: Tógáil Droichid
Ní mór go mbeadh struchtúir ar nós droichid nó íosbhealaí tógtha sara dtabharfaí faoi thógáil an iarnróid féin.
Céim 3: Tógáil an Iarnróid
Nuair a bhíonn na limistéir ullmhaithe tosnófar ar thógáil leaba an iarnróid agus ar an iarnród a chur síos.
Céim 4: Tógáil na Stadanna
Nuair a bhíonn leaba an iarnróid críochnaithe agus an t-iarnród curtha anuas uirthi, tógfar stadanna an Luas. Is féidir é seo a dhéanamh le linn don iarnród a bheith á thógáil, chomh maith.
Céim 5: Oibreacha Leictreachais agus Meicniúla
Nuair a bhíonn an t-iarnród agus na stadanna tógtha déanfar na hoibreacha a ghabhann le leictreachas agus le soláthar na gcóras rialaithe riachtanacha don líne.
Céim 6: Tástáil agus Coimisiúnú
Sa chéim seo beidh an chuma ar an líne Luas agus í á tógáil, go bhfuil sí ag oibriú ach ní mór na córais ar fad a thástáil. D'fhéadfadh go bhfeicfeá tramanna Luas ó ham go chéile ar an líne atá ag tástáil na gcóras.
Céim 7: Tús a chur le hOibriú
Nuair a bhíonn an tástáil sábháilteachta a dhéantar roimh oibriú na líne críochnaithe osclófar an líne don bpobal agus beidh sí ina cuid de Líne Uaine shínte an Luas.
Déantar oibreacha tógála ar an Luas Bhré agus An Fásach Rua (Líne B2) de réir líníochtaí an dearaidh don ailíniú agus de réir sceidil chomhaontaithe idir an RPA agus a cuid conraitheoirí.